Spriocdháta d’iarratais 31 Eanáir do Sparánacht Clannad

placeholder image

Tá Údarás na Gaeltachta ag tabhairt aitheantais agus buíochais don ghrúpa ceoil Clannad as an bhéim a chuir siad ar an teanga, ar chultúr agus ar dhúchas na Gaeltachta thar na blianta.

Mar chomhartha ómóis don ghrúpa agus le ceiliúradh a dhéanamh ar an tionchar a bhí acu ar chúrsaí Gaeilge ó bunaíodh iad breis ar 50 bliain ó shin, táthar ag bronnadh sparánacht ar fiú €30,000 − €10,000 sa bhliain thar 3 bliana − le cuidiú le healaíontóir Gaeltachta, am a chur i leataobh dóibh féin le forbairt a dhéanamh ar shaothar úr trí mheán na Gaeilge.

Is Ealaín na Gaeltachta Teo., a bheas ag riar na Sparánachta thar ceann Údarás na Gaeltachta.

Tá an scéim dírithe ar ealaíontóirí Gaeltachta a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge in aon mheán nó réimse ealaíne.

Ba chóir go léireofar a leanas san iarratas, taithí agus saothar ealaíne, agus/nó an poitéinseal atá léirithe agat go dáta,  cur síos cuimsitheach ar an gcaoi a dtacóidh an sparánacht seo leat am a chur ar leataobh le forbairt a dhéanamh ar shaothar úr i nGaeilge,  cur síos ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an bhforbairt ealaíne atá molta agat ar do chleachtas ag an am áirithe seo.

Tacóidh an sparánacht le costais mhaireachtála agus i dtreo na gcostas a bhainfidh le saothar faoi leith a fhorbairt.

Is gá an fhoirm iarratais a líonadh ina hiomláine, ag déanamh cur síos soiléir agus cuimsitheach ar do chleachtas go dtí seo agus ar an méid ar mhaith leat a bhaint amach le cabhair na sparánachta.

Seol chuig Ealaín na Gaeltachta Teo., é leis an fhoirm iarratais, ábhair thacaíochta a léireoidh do chleachtas go soiléir. Seol d’iarratas agus an t-ábhar tacaíochta chuig [email protected]. Mura mbeidh admháil faighte agat ó Ealaín na Gaeltachta laistigh de thrí lá oibre, téigh i dteagmháil linn le do thoil chun a chinntiú go bhfuil d’iarratas faighte. Is painéal neamhspleách idirdhisciplíneach a dhéanfaidh measúnú ar na hiarratais. Ní féidir glacadh go mbeidh an painéal ar an eolas faoi do chleachtas ná faoi do shaothar ealaíne.

Is gá an fhoirm iarratais agus an t-ábhar tacaíochta a sheoladh chuig [email protected] roimh an spriocdháta – Dé Céadaoin, 31 Eanáir, 2024.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice