Spriocdháta de sparánacht Chlannad ag deireadh mhí Eanáir


Tá Údarás na Gaeltachta le sparánacht ar fiú €30,000 a bhronnadh ar ealaíontóir Gaeltachta mar chomhartha ómóis don ghrúpa Clannad agus le ceiliúradh a dhéanamh ar an tionchar a bhí acu ar chúrsaí Gaeilge ó bunaíodh iad thar leathchéad bliain ó shin.
Is an lá deireanach don mhí seo an spriocdháta do na hiarratais sin. Is ar ealaíontóir Gaeltachta amháin a dhéanfar an bronnadh.
Beidh an ealaíontóir ábalta am a chur i leataobh dóibh féin le forbairt a dhéanamh ar shaothar úr trí mheán na Gaeilge mar gheall ar an sparánacht.
Bhunaigh Pádraig agus Noel Ó Dúgáin, Pól, Ciarán agus Máire Uí Bhraonáin an banna ceoil Clannad i 1970. Tá clú agus cáil bainte amach acu thar dhroim an domhain. Tá go leor aitheantais bainte amach acu thar na mblianta ina measc dámhachtain Grammy, BAFTA, agus Ivor Novello ina measc.
Thug siad lár stáitse don Ghaeilge ar ardáin dhomhanda agus spréagadh daoine le Gaeilge a fhoghlaim de bharr a gcuid ceoil.
Is gá an fhoirm iarratais agus an t-ábhar tacaíochta a sheoladh chugainn ag [email protected] roimh an spriocdháta – Dé Céadaoin, 31 Eanáir 2024.