Spriocanna SEAS leagtha amach ós comhair Teachtaí Dála agus Seanadóirí

placeholder image

Rinneadh moltaí i dtaca le oideachais agus tithíocht sa Ghaeltacht

Bhí Teachtaí Dála agus Seanadóirí ó pháirtithe an Rialtais agus ón bhfreasúra i láthair inné, Dé Céadaoin, Meán Fómhair 20, le cuid de na ceisteanna is práinní i bpobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a phlé.

Tá Seisiún Eolais Agus Stocaireachta (SEAS)  á eagrú ag Conradh na Gaeilge le mórcheisteanna an lae a chur faoi bhráid polaiteoirí agus le deis a thabhairt don phobal a bheith i láthair lena mianta áitiúla agus náisiúnta a chur faoina mbráid.

Tagann príomhéilimh na bliana seo ag SEAS23 leis na héilimh leagtha amach sa Phlean Fáis, Plean Infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht 2024-2029, a seoladh níos luaithe an tseachtain seo i dTeach an Ardmhéara, Baile Átha Cliath. 

I measc na n-éileamh atá á gcur chun cinn tá, moladh do Cháinaisnéis 2024 - €37.5m sa bhreis a chur ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht,  €14.5m sa bhreis d’Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta d’infheistíocht agus tacaíochtaí sa Ghaeltacht,  €12m sa bhreis d’Fhoras na Gaeilge agus Roinn na Gaeltachta d’infheistíocht agus tacaíochtaí lasmuigh den Ghaeltacht,  €11m sa bhreis do TG4 chun cláracha Gaeilge a fhorbairt agus TG4 a bhogadh i dtreo an bhuiséid céanna le S4C sa Bhreatain Bheag

Moltaí oideachais

Moladh polasaí Gaeilge4All.ie a chur le chéile agus gan Páipéar 1 don Ardteist a bhogadh go gcuirfidh an tAire Oideachais grúpa saineolach ar bun láithreach bonn leis an bpolasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais on luath-óige go dtí an 3ú Leibhéal a fhorbairt.

Pleanáil tithíochta sa Ghaeltacht

Moladh go dtabharfar ionadaíocht don phobal Gaeltachta ar an gcomhchoiste a bunaíodh idir an Roinn Tithíochta agus Roinn na Gaeltachta go práinneach agus go gcuirfear polasaí náisiúnta don phleanáil tithíochta sa Ghaeltacht i bhfeidhm.

Ag labhairt faoi SEAS23, dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Is deis iontach í #SEAS le héilimh na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur faoi bhráid polaiteoirí agus ionadaithe tofa. D’éirigh linn an cás a dhéanamh le páirtithe an Rialtas agus leis an bhfreasúra go bhfuil géarghá le maoiniú a mhéadú mar is ceart le Cáinaisnéis 2024, go háirithe i gcomhthéacs chostais mhaireachtála ag dul in airde agus rátaí boilscithe ag baint ón t-airgead atá ann faoi láthair.

"Freisin, chuir muid béim ar leith ar an tábhacht le polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón luath-óige go dtí an tríú leibhéal a fhorbairt, mar atá leagtha amach ag feachtas Gaeilge4All. ”

Dúirt Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge: “Tuigimid ar fad an géarghá le tuilleadh infheistíochta sa Ghaeltacht: ba cheart go mbeadh fáil ag an bpobal Gaeltachta ar thithe agus ar dheiseanna fostaíochta ina gceantar féin; tá an tacaíocht chuí ag teastáil ionas gur féidir leis an bpleanáil teanga forbairt mar is ceart, agus chun inmharthanacht na Gaeltachta agus phobal na Gaeltachta a chinntiú do na blianta amach romhainn. Tríd na moltaí atá á gcur chun tosaigh ag Conradh na Gaeilge agus pobal na Gaeilge inniu, is féidir linn tús a chur ar an obair i dtreo na todhchaí sin. 

"Táimid ag éileamh ar na polaiteoirí ár moltaí a chur i bhfeidhm agus na bearta sin a dhéanamh le fís, le fuinneamh agus le dea-thoil. Beimid ag súil leis na héilimh seo a phlé arís an tseachtain seo chugainn, 27 Meán Fomhair 2023 ag SEAS23 ar líne leis na polaiteoirí nach raibh ábalta a bheith linn inniu.”

Leanfar le cruinnithe SEAS23 ar líne Dé Céadaoin seo chugainn, Meán Fómhair 27.

Tá cóip de An Plean Fáis ar fáil ag cnag.ie/plean. 

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice