Sinn Féin le fadhbanna iompair agus infrastuctúr na contae a phlé


Beidh an Teachta Martin Kenny i ndáilcheantar Dhún na nGall amárach
Tá sé fógartha ag Sinn Féin go dtabharfaidh an Teachta Martin Kenny, cuairt ar dháilcheantar Dhún na nGall amárach le haghaidh sraith cruinnithe a reachtáil maidir le cursaí iompair sa chontae.
Duirt urlabhraí Shinn Féin ar chumarsáid agus iompar, an Teacha Kenny, gur contae atá i nDún na nGhall atá fagtha ar lár ó thaobh infrastruchtúr de agus ó thaobh ceangal leis an chuid eile den tír.
Dúirt sé go bhfuil neamhaird á déanamh ar an chontae le blianta fada.
Dúirt sé go bhfuil sé rí-thábhachtach go ndéanfar tógraí leis an chontae a cheangal leis an chuid eile don tír.
“Tá siad thar a bheith tábhachtach freisin mar gheall ar na tragóidí bóthair a tharla sa tír seo le déanaí. Tugann sé chun solais arís an gá atá le bóithre maithe agus le naisc mhaithe iompair. Ar ndóigh, bhí a sciar féin de thragóidí bóithre ag Dún na nGall san am a chuaigh thart.
“Táim ag tabhairt cuairte ar an réigiún amárach chun eolas a fháil ón NRDO agus ó Chomhairle Contae Dhún na nGall maidir leis na tionscnaimh thábhachtacha 10 T agus ansin beidh mé ag bualadh le feachtasóirí iarnróid Dhún na nGall chun an tAthbhreithniú Straitéiseach Iarnróid Uile-Oileáin a phlé."