‘Ciaróg Chara’, Tionscnamh Suaitheantais Nua á sheoladh ag Cúla4 chun Cainteoirí Gaeilge Óga a Cheiliúradh

Tá Cúla4 ag tabhairt cuireadh do scoileanna ar fud na tíre páirt a ghlacadh sa tionscnamh Ciaróg Chara — ceiliúradh ar an nGaeilge i gcomhthéacs bríomhar, laethúilplaceholder image
Tá Cúla4 ag tabhairt cuireadh do scoileanna ar fud na tíre páirt a ghlacadh sa tionscnamh Ciaróg Chara — ceiliúradh ar an nGaeilge i gcomhthéacs bríomhar, laethúil

Tá Cúla4 ag tabhairt cuireadh do scoileanna ar fud na tíre páirt a ghlacadh sa tionscnamh Ciaróg Chara — ceiliúradh ar an nGaeilge i gcomhthéacs bríomhar, laethúil

Is cúis bhróid do Cúla4 seoladh ‘Ciaróg Chara’ a fhógairt, tionscnamh spraíúil agus fiúntach atá ag teacht amach i mí Bealtaine, atá leagtha amach chun úsáid laethúil na Gaeilge a chur chun cinn i scoileanna agus i bpobail ar fud na hÉireann. 

Tagann ainm an tionscnaimh ‘Ciaróg Chara’ ón seanfhocal “Aithníonn ciaróg ciaróg eile” - ‘It takes one to know one’. 

Is suaitheantas siombalach é an Ciaróg Chara a spreagann páistí an grá atá acu don Ghaeilge a chaitheamh, a rá agus a roinnt. Bíonn scoláirí ina n-ambasadóirí don Ghaeilge nuair a chaitheann siad an suaitheantas go bródúil, ag cabhrú le cultúr dearfach, muiníneach de labhairt na Gaeilge a chothú i measc a gcairde. 

Mar a Oibríonn Sé:

Suaitheantais: Tugtar cuireadh do scoileanna ar fud na tíre pacáistí suaitheantais Ciaróg Chara a fháil dá gcuid daltaí. 
Caith & Roinn: Spreagtar páistí chun a suaitheantais a chaitheamh le bród - istigh sa seomra ranga, sa bpáirc spraoi, agus níos faide i gcéin. 
Bí Páirteach: Tugann múinteoirí agus scoileanna tacaíocht do pháistí an Ghaeilge a úsáid ar bhealach spraíúil, ionchuimsitheach, agus fiúntach.  placeholder image
Suaitheantais: Tugtar cuireadh do scoileanna ar fud na tíre pacáistí suaitheantais Ciaróg Chara a fháil dá gcuid daltaí.  Caith & Roinn: Spreagtar páistí chun a suaitheantais a chaitheamh le bród - istigh sa seomra ranga, sa bpáirc spraoi, agus níos faide i gcéin.  Bí Páirteach: Tugann múinteoirí agus scoileanna tacaíocht do pháistí an Ghaeilge a úsáid ar bhealach spraíúil, ionchuimsitheach, agus fiúntach.  
Nell & Neansaí Ní Thuairisg

An Chaoi le Páirt a Ghlacadh 

Tá Cúla4 ag tabhairt cuireadh do scoileanna ar fud na tíre páirt a ghlacadh i dtionscnamh Ciaróg Chara - ceiliúradh ar an nGaeilge i gcomhthéacs gnáthlá bríomhar. Is féidir le scoileanna rannpháirteacha a n-ábhar Ciaróg Chara a iarraidh ó Cúla4, suaitheantais agus póstaeir fógraíochta san áireamh, chun tacaíocht a thabhairt do dhaltaí agus iad a spreagadh ar a n-aistear leis an nGaeilge.  

Déanaimis an Ghaeilge níos feiceálaí, níos luachmhaire, agus níos beoga - suaitheantas amháin ag an am. 

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice