Tá luchair ar Raidió Rí-Rá na cúigear ealaíontóir agus grúpa atá roghnaithe le páirt a ghlacadh i scéim Ghlór Ár Linne a fhógairt
Tá luchair ar Raidió Rí-Rá na cúigear ealaíontóir agus grúpa atá roghnaithe le páirt a ghlacadh i scéim Ghlór Ár Linne a fhógairt.
Is scéim chothaithe do cheoltóirí agus bannaí óg Gaeilge is ea Glór Ár Linne, a bhfuil sé mar aidhm aici tréimhse ceardlanna agus meantóireachta a chur ar fáil do ghliúin nua ceoltóirí, len iad a fháil faoi réir le tabhairt chun ardáin náisiúnta agus idirnáisiúnta leithéid d’Fhéile na Gealaí agus Electric Picnic le linn samhradh 2025.
Na hEalaíontóirí: Tugann clár na bliana seo cúig ghuth spreagúil agus éagsúil le chéile.
Little Kings - faoi stiúir Ryan Harling, atá lonnaithe i nDoire. Roinneann sé a chuid scéalta lena ghiotár, a ghlór íseal agus go dátheangach – ó Stendhal go hIMBOLC. Ag 25 bliana d’aois, tá moladh faighte aige ón mBBC agus tá dhá EP seolta aige le cuidiú a chairde ar an veidhlín, an dordvheidil agus go leor eile, chomh maith le deontas ó Help Musicians in 2023.
Jessie Dingle - amhránaí a bhfuil ag iarraidh daoine a spreagadh dul i dteagmháil lena bpearsa féin agus an tírdhreach mórthimpeall orthu. Dar léi, is í an Ghaeilge ceann de na bealaí is soiléire chun an t-aidhm seo a bhaint amach toisc go bhfuil foghraíocht na teanga daingnithe sa talamh. Le déanaí, thug sí tacaíocht don ghrúpa ceoil IMLÉ mar chuid de Thionscadal Taylor Swift, agus tá banna ceoil nua bunaithe aici chun tacaíocht a thabhairt dá cuid ceoil.
Éire agus Cú Chulainn - Is deartháir agus deirfiúr iad Éire Ní Fhaoláin agus Cú Chulainn Ó Faoláin, le grá don amhránaíocht thraidisiúnta, amhránaíocht ar an sean nós, don cheol traidisiúnta agus don fhilíocht. Tá an Ghaeilge ag croílár a gcuid ceoil agus is breá leo amhráin nua sa stíl thraidisiúnta agus ar an sean nós a chruthú. Is breá leo armóin a shníomh isteach san amhránaíocht freisin.
Aisling Moran - Is amhránaí/scríbhneoir amhráin agus ceoltóir traidisiúnta í Aisling le croí indie, brionglóideach agus duairc. Tá a cuid ceoil séimh ach uaigneach, scríofa le macántacht agus leochaileacht a ndeachaigh i bhfeidhm ar lucht féachana ar fud an domhain. Le linn na bliana 2024, d’fhoilsigh Aisling dhá albaim a scríobh agus thaifead sí í féin; Chaos Made Holy agus Not Enough, Not Anymore.
Earthmover – banna iar-roc / mata-rac ag brú na hÉireann isteach i gcríoch sonach nua. Banna ceol ón domhan. Bunaithe i mBaile Átha Cliath, seineann siad meascán post-rock agus math-rock. Bíonn tionchar ag bannaí ar nós Radiohead agus Black Country, New Road ar a bhfuaim a bhfuil úr agus reabhlóideach.
LÉIGH AR AGHAIDH: Gach a bhfuil uait a fháil amach faoin gcomhthionól agus dáta thoghcháin chomharba an Phápa Proinsias nochtaithe
Beidh an chéad cheardlann ar siúl Dé Sathairn seo, 3 Bealtaine, ina mbeidh na meantóirí Sexy Tadhg, Megan Nic Ruairí agus Lisa Murray. Beidh ceardlanna breise le ceoltóirí mór le rá agus le pearsana tionscail ina dhiaidh i rith na bliana.
Foghlaimeoidh na ceoltóirí faoin scríbhneoireacht, faoi thaifeadadh, faoi thaibhléiriú, agus faoi mhargaíocht - chomh maith le deiseanna comhoibre agus rochtainn ar stiúideo agus mol cruthaitheach ar feadh na tréimhse.
Tabharfar an deis ansin do bhannaí agus ceoltóirí a gcuid ceoil a léiriú os comhair sluaite ag féilte agus ceolchoirmeacha in Éirinn agus thar sáile.
Dúirt Aisling Ní Dhonnabháin, Bainisteoir Margaíochta Raidió Rí-Rá:"Léiríonn an éagsúlacht sna ceoltóirí seo go bhfuil talann as cuimse sa tír seo faoi láthair agus go bhfuil borradh faoin gceol as Gaeilge. Ní gá ach féachaint ar leithéidí Kneecap, Róis, IMLÉ agus Súil Amháin leis an éileamh atá ar cheol as Gaeilge ar bhonn idirnáisiúnta a thuiscint. Níl teorainn leis agus táim ag súil le haistear na gceoltóirí ar an scéim seo a leanúint agus iad ag dul ó neart go neart."
Ag labhairt faoin scéim dúirt Barry Ó Siochrú ó Bhord Raidió Rí-Rá: “Tá sé ríthábhachtach go dtugtar ardán do cheoltóirí óga Gaelainne. Trí Ghlór Ár Linne, ní hamháin go ngeobhaidh na healaíontóirí seo poiblíocht ach gheobhaidh siad meantóireacht ó chuid de na guthanna is mó measa i gceol na Gaelainne. Tá treoir den saghas seo fíor-luachmhar. Cabhraíonn an scéim seo le todhchaí ár saol ceoil a mhúnlú, agus cinntíonn sé go leanfar ag forbairt, ag spreagadh agus ag athshonrú na Gaelainne trí ghlúin nua.”
Tá an scéim seo maoinithe ag Éire Ildánach agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus á stiúradh ag Raidió Rí-Rá le cúnamh Music Generation.
Tuilleadh eolais: rrr.ie/glor/
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.