Fógraíonn Virgin Media Television na haíonna is déanaí do ‘Celebrity Gogglebox Ireland’


BEIDH Gavan Reilly, Zara King agus Richard Chambers ar an tolg don chlár 'Gogglebox Ireland' ar Virgin Media.
Craolfar an clár Dé Céadaoin 20 Meán Fómhair ag 9in ar Virgin Media One.
Agus VMTV ag ceiliúradh 25 bliain de chraoladh saor go haer seirbhíse poiblí, beidh go leor ainmneacha tí isteach sa seó mór le rá le haghaidh clár speisialta aonuaire.
Beidh Tommy Tiernan, Hector Ó hEochagáin agus Laurita Blewitt ar an tolg freisin.
I measc na ndaoine eile beidh Kerry Katona agus Alison Spittle, The Fleming Family, Brian Dowling agus Arthur Gourounlian.