Seolfar Tales from Iorras Aithneach i mBaile Átha Cliath

Is sna téacsanna seanchais seo a dhéantar buanú ar imeachtaí móra an phobail agus is é leagan na muintire ar a stair féin é

Beidh na múrtha fáilte roimh chách i dTaisce Cheol Dúchais Éireann, ITMA, 73 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, nuair a sheolfar an saothar aistriúcháin Conamara Chronicles: Tales from Iorras Aithneach tráthnóna Dé Céadaoin, Meitheamh 21 ag 6pm.

Is í an tOllamh Ríonach uí Ógáin a sheolfaidh an t-aistriúchán a rinne Liam Mac Con Iomaire agus Tim Robinson, nach maireann, ar Annála Beaga ó Iorrus Aithneach, bunaithe ar ábhar a thiomsaigh Seán Mac Giollarnáth ó scéalaithe agus seanchaithe Iorras Aithneach sna 30idí.

Ba é an Gúm a chuir amach an saothar den chéad uair sa mbliain 1941 agus tá cáil mhór ar an téacs ó sin. Déantar trácht in imeacht 14 chaibidil ar na hoileáin, an drochshaol, corraíl pholaitiúil na linne, pearsana mór le rá, smuigléireacht, sagairt agus naoimh, báid agus bádóirí sna hAnnála Beaga. Is sna téacsanna seanchais seo a dhéantar buanú ar imeachtaí móra an phobail agus is é leagan na muintire ar a stair féin é.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice