Seolfar CD Josie Mac Ceallabhuí i mBaile na Finne an Satharn seo

Bailiúcháin amhráin de chuid Josie McKelvey nach marann
Seolfar CD do amhráin tradisiúnta a chuir Josie Mac Ceallabhuí le chéile ar an Satharn seo i mBaile na Finne.
Beidh an seoladh ag 8.15 i ndiaidh Aifreann cuimhneacháin Josie Mac Ceallabhuí.
Is iomaí uair a labhair Josie faoi shaibhreas na n-amhráin a bhí aige. Shocair sé dhá CD a dhéanamh, ceann i mBéarla agus ceann i nGaeilge leis an saibhreas a bhí aige a chaomhnú.
Go luath i ndiaidh na Nollag, tháinig Covid ar Josie agus d'athraigh a shaol go hiomlán. Bhásaigh Josie i mí Feabhra, 2022. Ní raibh a CD seolta ag an uair sin. Tá rún ag a chlann a mhianta a chomhlíonadh.
Dúirt siad: "De bhrí sin, tá sinne, a chlann ag déanamh cinnte go dtarlaíonn seo de réir a mhianta. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le achan nduine a thug tacaíocht do m’athair agus a thug cuairt ar i dTeach a' Cheoil thar na mblianta."
Beidh go leor ceol, damhsa agus craic ann ar an oíche.
Launch of CD of traditional Irish songs as interpreted by Josie McKelvey, Fintown, Co. Donegal (RIP 1941-2022)