Seolfar An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair in óstán An Chúirt

placeholder image

Seolfaidh Noel Ó Gallachóir leabhar úr Chathal Póirtéir An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair, leabhar le Cathal Póirtéir, in Óstán An Chúirt, Gaoth Dobhair ar an Aoine, Samhain 24 ag 7.30in. 

An té a thabharfadh sciuird thart timpeall na hEaragaile agus ceantar Ghaoth Dobhair, tiocfaidh

siad ar óstán breá darb ainm an Chúirt. Tiarna talún áitiúil a thóg, darbh ainm George Hill. Is

doiligh a rá cén sórt duine a bhí ann, óir is iomaí scéal a mhaireann faoi, idir mhaith agus olc.

Déantar iarracht anseo fíricí agus barúlacha faoi Hill agus Gaoth Dobhair a tharraingt le chéile

lena gcomhthéacs staire agus pearsana, le cuidiú linn a oidhreacht sa cheantar a mheas go

cothrom.

Foilsíodh paimfléad in 1845, Facts from Gweedore a chuir go mór le clú Hill. Tugann sé insint

Hill ar an obair a rinne sé i nGaoth Dobhair, i bhfocail Sir James Dombrain. Is é léargas an tiarna

talaimh atá ann agus ní raibh achan duine ar aon intinn faoin mhéid a rinne Hill sa pharóiste.

D'éirigh coimhlint idir an tiarna talaimh, na sagairt agus pobal Ghaoth Dobhair sna 1850í agus tá

cur agus cúiteamh faoin scéal ó shin.

Scríbhneoir agus craoltóir é Cathal Póirtéir a chuireann spéis ar leith i litríocht na

Gaeilge, béaloideas na hÉireann agus an stair a chur an leabhar i gceann a chéile.

Seolfaidh Noel Ó Gallachóir leabhar úr Chathal Póirtéir An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair in Óstán An Chúirt, Gaoth Dobhair ar an Aoine, Samhain 24 ag 7.30in. 

Is Cló Iar Chonnacht an foilsitheoir. 

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice