Seolfar an leabhar An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair oíche hAoine

placeholder image

Táthar ag súil go mór leis an leabhar seo a bhfuil dlúthcheangal aige le Gaoth Dobhair

Seolfar an leabhar An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair in Óstán An Chúirt, Gaoth Dobhair ar an Aoine, Samhain 24 ag 7.30in.

Tiarna talún áitiúil a bhí in George Hill a thóg óstán an Chúirt i gceantar Ghaoth Dobhair.

Scríbhneoir agus craoltóir é Cathal Póirtéir a chuireann spéis ar leith i litríocht na Gaeilge, béaloideas na hÉireann agus an stair a chur an leabhar i gceann a chéile.

Is é Noel Ó Gallachóir a seolfaidh an leabhar. Ag labhairt do ar Bharrscéalta, Raidió na Gaeltachta, dúirt sé go raibh neart eolais úr le fáil san leabhar cuimsitheach seo nach raibh ar eolas cheanna féin.  

Is Cló Iar Chonnacht a d'fhoilsigh an leabhar agus tá tuilleadh eolais le fáil ar www.cic.ie

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice