Seolfaidh Dónall Mac Giolla Chóill an leabhar Súile Éisc i Béal Feirste


Cnuasach gearrscéalta le Michelle NicPháidín a sheoladh i mBéal Feirste an Nollag seo
Dhéanfaidh Dónall Mac Giolla Chóill leabhar Mhichelle NicPháidín, Súile Éisc agus Scéalta Eile, a sheoladh i mBéal Feirste ar an 9ú lá de mhí na Nollag.
Dhéanfar an seoladh sa Cheathrú Póilí sa Chultúrlann ar a haon a chlog.
Is Cló Iar-Chonnacht a chur a rinne an leabhar a fhoilsiú.
Seo é an tríú leabhar atá foilsigh leis an scríbhneoir as Ghaoth Dobhair. Scríobh sí An Iriseoir agus Fuascailt an Iriseora. D'éirigh leis An tIriseoir an dárna háit a bhaint amach i gcomórtas ficsean Oireachtas na Gaeilge agus fuair sé ainmniúchán chomh maith do Ghradam Uí Shuilleabháin. D'éirigh le Fuascailt an Iriseora fáil ar an ngearrliosta do na Love na Leabhar Gailge/An Post Book awards.
D'éirigh go maith le cuid do na gearrscéaltaí atá sa chnuasach seo, d'éirigh le Baile na mBlaincead agus Súile Éisc an 2á hait a bhaint amach i nduais an Mhaolanaigh ag comórtas liteartha Oireachtas na Gaeilge. D'éirigh le Leaspáin an chéad áit a bhaint amach i gcomórtas liteartha Manchain. Rinneadh Maggie, Girl agus an Stoirm i mBláth na dTulach.
is scríbhneoir agus iriseoir í Michelle Nic Pháidín atá ag obair ar shaothar úr í láthair na huaire.
Beidh an seoladh ar a haon a chlog.