Seoladh Plean Straitéiseach COGG ag Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe

placeholder image

Dúirt sé go bhfuil ról rí-thábhachtach ag COGG i gcaomhnú na Gaeilge sa chóras oideachais ach go háirithe, áit ina mhaireann agus ar a mbraitheann todhchaí na teanga.  

Sheol Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh Plean Straitéiseach COGG

2023 – 2027 in Óstán Chois Fharraige, Conamara oíche Mhairt. Ag labhairt dó ag an ócáid thug an tUasal Ó hÓgartaigh suntas d’fhairsinge agus do réimsí oibre éagsúla na heagraíochta.

Dúirt sé: Tá an-áthas orm gur iarradh orm Plean Straitéiseach an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) a sheoladh agus nasc chomh láidir sin idir an obair acu agus cur chuige Ollscoil na Gaillimhe."

Dúirt sé go bhfuil ról rí-thábhachtach ag COGG i gcaomhnú na Gaeilge sa chóras oideachais

ach go háirithe, áit ina mhaireann agus ar a mbraitheann todhchaí na teanga.  

"Tá straitéis bheo, bhríomhar leagtha amach don tréimhse atá romhainn le soláthar agus seirbhísí a chur ar fáil, ní hamháin ar mhaithe le forbairt na hearnála Gaeltachta agus lán-Ghaeilge ach ar mhaithe le múineadh na Gaeilge i scoileanna uile na tíre, rud a luíonn lena mhisean."

Thréaslaigh sé leis an obair agus ghuí sé gach rath ar an straitéis 'dhearfach, fhorbarthach mar atá leagtha amach.'

"Leagann an plean straitéiseach amach réimsí oibre COGG ar bhealach soléite sothuigthe ó thaobh a

cúraimí reáchtúla de. Baineann cúraimí COGG go sonrach le téacsleabhair d’iar-bhunscoileanna T1 a

chur ar fáil, acmhainní teagaisc agus foghlama a mhaoiniú, seirbhísí taca a sholáthar do scoileanna,

le taighde ar an tumoideachas a éascú agus a mhaoiniú, agus comhairle a chur ar an Aire Oideachais

agus ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta i leith múineadh trí mheán na Gaeilge

agus múineadh na Gaeilge féin. Tugann an plean straitéiseach seo léargas cuimsitheach ar fhairsinge

agus ar ilghnéitheacht na hoibre atá idir lámha ag an eagraíocht chun tacú le scoileanna T1, agus

tacú le cur i bhfeidhm gníomhartha an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta.

"Déantar iarracht chomh maith obair inmheánach na heagraíochta mar a bhaineann le cuid dá feidhmeanna reáchtúla a léiriú trí ghrafaicí agus léaráidí a thaispeánann feidhmiú na scéimeanna maoinithe, próiseas forbartha na dtéacsleabhar, agus feidhmiú chóras na sparánachtaí taighde. Léiríonn an Plean Straitéiseach na bealaí éagsúla ina mbeidh obair na heagraíochta ag forbairt as seo go ceann roinnt blianta, mar a bhaineann le tacú le scoileanna T2 ó thaobh múineadh na Gaeilge de agus cur le réimse na seirbhísí taca do scoileanna T1."

Thug Cathnia Ó Muircheartaigh, Cathaoirleach nua COGG, aitheantas don obair mhór a bhí déanta ag

an eagraíocht ó chéadbhunaíodh í.

“Tá COGG i mbéal an phobail le fada an lá, a bhuí sin do na daoine díograiseacha tiomanta a bhí ag

obair don eagraíocht agus do baill Bhord COGG le linn tréimhsí éagsúla. Mar dhuine de bhunadh na

Gaeltachta, molaim ach go háirithe an obair atá déanta chun tacú leis na scoileanna tríd an Scéim

Aitheantais Scoileanna Gaeltachta de chuid na Roinne Oideachais.

"Tá Bord agus foireann COGG ag súil go mór le bheith réamhghníomhach maidir le forbairt agus cur i bhfeidhm an pholasaí nua don Oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht”.

Luaigh an Cathaoirleach an gá atá le hearnáil an ghaeloideachais a fhás ag an dá leibhéal, i

scoileanna neamhspleácha agus an ról a bheidh ag COGG maidir le tacú le múineadh na Gaeilge i

scoileanna T2.

“Caithfimid díriú chomh maith ar na riachtanais atá ag foghlaimeoiri na Gaeilge i scoileanna a bhfuil

an Béarla mar phríomhtheanga acu. Aithnítear freisin an tábhacht a bhaineann le fás agus forbairt na

hearnála lán-Ghaeilge sa todhchaí.” a dúirt sé.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice