Seoladh leabhar An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair ar na bacáin


Seolfaidh Noel Ó Gallachóir leabhar úr Chathal Póirtéir An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair, leabhar le Cathal Póirtéir, in Óstán An Chúirt, Gaoth Dobhair ar an Aoine, Samhain 24 ag 7.30in.
Tiarna talún áitiúil a bhí in George Hill a thóg óstán an Chúirt i gceantar Ghaoth Dobhair.
Seolfar an leabhar An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair in Óstán An Chúirt, Gaoth Dobhair ar an Aoine, Samhain 24 ag 7.30in.
Scríbhneoir agus craoltóir é Cathal Póirtéir a chuireann spéis ar leith i litríocht na Gaeilge, béaloideas na hÉireann agus an stair a chur an leabhar i gceann a chéile.
Is é Noel Ó Gallachóir a seolfaidh an leabhar. Ag labhairt do ar Bharrscéalta, Raidió na Gaeltachta, dúirt sé go raibh neart eolais úr le fáil san leabhar cuimsitheach seo nach raibh ar eolas cheanna féin.
Is Cló Iar Chonnacht a d'fhoilsigh an leabhar agus tá tuilleadh eolais le fáil ar www.cic.ie