Seimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge i gCill Airne

placeholder image

Gealltanais don Ghaeilge - cé acu, beart nó bréag?

Reáchtálfar Seimineár Oireachtais Chonradh na Gaeilge Dé Sathairn seo chugainn, Samhain 4, in Óstán Gleneagle, Cill Airne, áit a bheidh Gealltanais don Ghaeilge faoi chaibidil, agus cé acu, beart nó bréag, atá iontu.

Is í Uachtarán an Chonartha, Paula Melvin, a bheidh mar chathaoirleach ar an seimineár.

Beidh Máirtín Ó Muilleoir, údar Paidir do Bhéal Feirste,  Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge agus Caitlín Ní Bhroin, OPT le Pleanáil Teanga Chloich Cheann Fhaola ar an 

phainéal.

I ndiaidh deis labhartha a bheith ag an phainéal, beidh tuairimí ón todhchaí le Bláithín Nic an tSíthigh, Leas-Uachtarán don Ghaeilge le hAontas na Mac Léinn in Éirinn,  Eimear Nic Dhonnchadha, Oifigeach Gaeilge le hAontas Daltaí Iar-Bhunscoile na hÉireann agus  Conor Torbóid, Gníomhaí Teanga leis an Dream Dearg agus Eagarthóir NÓS.  

Déanfar plé ar ghealltanais atá déanta ag rialtais ó dheas agus ó thuaidh i leith na Gaeilge. Labhróidh an phainéal ar cé acu an mbeidh Coimisinéir Gaeilge ó thuaidh, an mbeidh tacaíocht chothrom Stáit choíche ann don Ghaeilge agus don Ghaeltacht agus cé acu an mbeidh daoine óga na Gaeltachta in ann cur fúthu ina gceantar féin?

Seolfar Bailiúchán Digiteach ó Chartlann Chonradh na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe i ndiaidh an tseimineáir.  Seolfaidh Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin, an acmhainn agus labhróidh Niamh Ní Charra, Cartlannaí Tionscadail Chonradh na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe fúithi ag 12:30 i ndiaidh Seimineár an Oireachtais.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice