Seán Ó Morónaigh imithe ar shlí na fírinne ag aois 83
Tá Seán Ó Morónaigh imithe ar shlí na fírinne ag aois 83 a rinne obair iontach don Gaeilge agus an drámaíocht i rith a shaoil.
Bhunaigh Seán Ó Morónaigh Cumann Dramaíochta Buíon Phádraig, Luimneach sna seascaidí. Léirigh sé a lan drámaí M.S. Citi le Siobhán Ní Shúilleabháin, éirí na Gealaí le Lady Gregory, Dialann Anne Frank, King of Friday’s Men le M.J. Molloy agus pléaracha.
Ba sár léiritheoir é Seán a raibh bua na samhlaíochta agus féíth an ghrinn go láidir ann. ar ndoigh bhí fuinneamh is díograis ag léimt as a chorp. Faoina threoir chuaigh an cumann go dtí féílte drámaíochta ar fud na tíre-Conamara, Cúil Aodha, an Daingean, an Rinn agus fuarthas ainmniúchán go minic don fhéile náisiúnta drámaíochta.
Chomh maith le páirt a ghlacadh i bhféilte as Gaeilge bhí an cumann páirteach freisin i bhféílte as Béarla. sa chomhthéacs sin bhuaigh Seán Alán gradam mar léiritheoir.
Chuir Seán tús leis na hoícheanta galánta sa chistin, Sráid Thomais, Luimneach a bhíodh ar siúl gach ré déardaoin i rith an gheimhridh. Bhíodh oícheanta suntasacha ann i dteannta le ceoltóirí, amhránaithe, rinceoirí agus seancaithe. Bhíodh Seán féin i mbun an ghnó go léir mar fear an tí. don idirlinn bhíodh tae agus arán donn ar fáil.
Go h-an mhíníc bhíodh aoíanna cáiliúla i láthair-ina measc Séamus Ó Cinnéide, Daithí Ó Connaill, Con Foley, Brian Corbett, Jim O Sullivan, Chris Guerin agus Máire Kitching. Ba léir go mbíodh an chistin lán go béil go minic.
Sna seachtaidí cuireadh tús leis an gcomhlachas náisiúnta drámaíochta agus ba é Seán bun agus barr na heagraíochta seo. bunaíodh féilte ar fud na tire ó Dhún na Ngall go Ciarraí agus ó Rath Cairn go Conamara.
Eagraíodh féile náisiúnta in ionad áirithe sa tír gach bliain. Bhí caighdeán ard ag teastáil sna féilte sin agus rinne Seán aistir fada ar fud na tíre ag tabhairt cabhrach agus comhairle dos na cumainn éagsúla.
Is é 18 Sráid Uí Thomáis larionad Conradh na Gaeilge i Luimneach le fada an lá agus sna hochtaidí ba léir go raibh gá le deisiúchán agus athchóiriú ar an bhfoirgneamh. Tháinig Seán go mór i gcabhair ar Mhícháel Ó Murchú agus ar an bhfoireann chun an obair riachtanach seo a thabhairt chun críche. Mar thoradh ar a gcuid iarrachtaí tá foirgneamh den scoth ag an gconradh i Luimneach anois.
Chaith Seán a shaol ar fad ag obair go dian don dá ghné a bhí gar dá chroí - an Ghaeilge agus an drámaíocht. chuige sin fuair sé lán tacaíocht dílis óna bhean chéile, Eibhlín lena ndéanaimid comhbhrón ó chroí.
Mar a dúirt Bosco Ó Conchúir ag an sochraid 'tá laoch ar lár'.