Seachtain na hEolaíochta ar fud fad na hÉireann


Tá Seachtain na hEolaíochta mar chuid d’iarrachtaí Fhondúireacht Eolaíochta Éireann eolaíocht ar fud fad an domhain a chur chun cinn agus a cheiliúradh.
Is é an aidhm atá leis nó páistí scoile a spreagadh chun dul i ngleic leis an eolaíocht ar bhealach spraíúil agus idirghníomhach, agus chun tábhacht ETIM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht, matamaitic) sa saol laethúil a chur chun cinn.
Bíonn an fhéile ar siúl ón 12 – 19 Samhain in ionaid ar fud na hÉireann. Is é an téama atá i mbliana nó ‘Daonna?’, a iarrann ar dhaoine machnamh a dhéanamh ar cad a chiallaíonn sé a
bheith daonna i saol an lae inniu, agus conas a rachaidh na cinntí a dhéanaimid inniu i bhfeidhm
ar dhaoine agus ar dhomhan sa todhchaí.
Táthar ag iarraidh ar an phobal machnamh a dhéanamh ar a bhfuil i ndán do na glúnta amach anseo. Ón éigeandáil aeráide go hidirghníomhú sóisialta agus intleacht shaorga, cén tionchar a bheidh ag na nithe seo ar na glúnta atá le teacht?
Trínár gclár imeachtaí, tá súil againn go bhfaighidh daoine eolas a chabhróidh le gach duine saol
níos sláintiúla agus níos faide a chaitheamh agus dul in oiriúint don athrú aeráide.
I mbliana, beidh deis ag páistí bualadh le Charlie McConalogue, an tAire Talmhaíochta, Bia agus
Mara, agus foghlaim faoin chaoi a bhfreastalaíonn sé ar an Rialtas agus ar mhuintir na hÉireann.
Míneoidh an bitheolaí mara David McCann an chaoi a bhfuil ár saol idirnasctha go dlúth leis an
aigéan agus conas a théann na cinntí a dhéanaimid agus muid ag ceannach earraí i bhfeidhm ar shláinte ár n-aigéan. Déanfaidh David plé freisin ar rudaí dearfacha is féidir le gach duine a dhéanamh chun difríocht a dhéanamh agus pláinéad níos sláintiúla a chinntiú do na glúnta atá le teacht.
Leis an Biobus i nGaoth Dobhair, foghlaimeoidh páistí faoin mhéid amhola atá ina dtithe agus tuilleadh lena chois.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Belinda Glackin, Comhordaitheoir Sheachtain na hEolaíochta
do Sheirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall: “Trínár n-imeachtaí, tá súil
againn aird na bpáistí a tharraingt ar na smaointe tábhachtacha faoina ndéanann eolaithe trí
eispéiris a sheachadadh a spreagann fiosracht nádúrtha an linbh.”