Sé dhuine tarrtháilte ó long lastais amach ó chósta Loch Garman


Cuireadh freagairt ilghníomhaireachta ar bun tar éis don aláram a bheith tugtha thart ar a 2 a chlog ar maidin
Tá seisear ball den chriú tarrtháilte ó long lastais a chuaigh i bhfostú ar ghrinneall na farraige amach ó chósta na hÉireann.
Deir an Roinn Iompair go bhfuil a hIonad Comhordaithe Tarrthála Mara (MRCC) ag freagairt don eachtra mhara amach ó chósta Roney Point, i gContae Loch Garman.
"Díreach tar éis a 2 a chlog ar maidin inniu, chuaigh long lastais 88 méadar ar fad, a raibh seisear ball den chriú ar bord, i bhfostú ar ghrinneall na farraige sa cheantar.
"Cuireadh freagairt ilghníomhaireachta ar bun, ina raibh baint ag héileacaptar 'Rescue 116' de chuid Garda Cósta na hÉireann, Aonad Garda Cósta Courtown, agus báid tarrthála an RNLI ó Ros Láir, Courtown agus an tInbhear Mór," a dúirt urlabhraí.
D'éirigh le 'Rescue 116' – héileacaptar an Gharda Cósta atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath – an seisear ball den chriú a tharrtháil ón long agus iad a thabhairt go bunáit aeir Weston.
De réir na Roinne Iompair, níor gortaíodh aon duine den seisear.
"Tá an Garda Cósta fós ag déanamh monatóireachta ar an long agus tá siad i dteagmháil leis na húinéirí," a dúirt urlabhraí.