Scríbhneoirí Gaeilge ar chonaitheacht i gCill Riallag i gContae Chiarraí

Deis iontach atá ann neart oibre a fháil déanta agus tú i do shuí i dteach ar imeall na farraige
Tá Sadhb Devlin agus Aedín Ní Thiarnaigh ar bheirt do na scríbhneoirí atá áit gnóthaigh acu ar chónaitheacht Chill Riallag i mbliana.
Scríobhann Sadhbh Devlin ficsean gearr-fhoirm do phaistí agus daoine fásta. Bhuaigh a pictiúirleabhar Geansaí Ottó (2020) Gradam Leabhar na Bliana an LAI i 2021. Bhí a pictiúrleabhar is déanaí, Amuigh Faoin Spéir (2022) roghnaithe mar an dlr Scéal Trail is déanaí.
Scríobhann Sadhbh Splanc-fhicsean agus aistí i nGaeilge chomh maith. Is í a bhí mar Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge le DCU, i 2022.
Is craoltóir agus scríbhneoir í Aedín Ní Thiarnaigh, arb as Inis Córthaidh, Contae Loch Garman ó dhúchas di agus atá ag cur fúithi anois ar Inis Meáin.
Bronnadh Sparánacht Ealaíontóirí Gaeltachta Ealaín na Gaeltachta agus Dámhachtain Lúfaireachta na Comhairle Ealaíon uirthi dá cuid oibre ar a céad úrscéal, atá á scríobh aici faoi láthair agus atá le cur i gcrích le linn 2024.