Scoláirí le leighis ag tabhairt aird ar fhadhbanna sláinte mhuintir Ghaoth Dobhair
Beidh oíche oscailte anocht ann Ionad Naomh Pádraig Dobhar
Beidh grúpaí scoláirí as Meiriceá ag tabhairt cuairt ar Ionad Naomh Pádraig an tseachtain seo.
I measc na scoláirí beidh siad seo atá ag staidéar le bheith ina dhochtúir, banaltraí agus fiaclóirí. Beidh oíche oscailte leighis san ionad dírithe ar ghrúpaí difriúla.
Anocht, Dé Luain, Márta 20 ag 6 tráthnóna, beifear ag díriú ar mhná agus san oíche amárach ag an am chéana is ar fhir a bheifear ag díriú.