Scoil i dTiobraid Árann i gcomórtas domhanda ar son na tíre

placeholder image

Is foireann iad Octane Racing, de chúigear dalta atá sa chúigiú bhliain i nGaelcholáiste Chéitinn Chluain Meala, foireann amháin as trí fhoireann a cháiligh i gcomhar an bhabhta domhanda don chomórtas Formula 1 na scoile. 

 

Is comórtas E.T.I.M ( Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht, Mata) é F1 ar Scoil i gcomhar daltaí iarbhunscoile. Bíonn ar fhoirne carr beag a dhearadh, a mhonarú, agus a rásáil i gcoinne foirne ó timpeall an domhain. Chomh maith le sin, caithfidh foirne dhá phunann a scríobh, ceann fiontraíochta agus ceann innealtóireachta. Bíonn ar fhoirne an t-airgead a bhailiú chun culaith a cheannach, marsantacht agus Pit Display a chruthú agus a thógáil. 

Bhí Octane Racing i gcomhpháirtíocht le Boston Scientific in ann an tríú áit a bhaint amach sa bhabhta náisiúnta agus tá siad tar éis cáiliú chun ionadaíochta a dhéanamh ar son na tíre an bhliain seo chugainn. 

Ar ndóigh, chun dul ar aghaidh chuig an bhabhta domhanda, tá cabhair agus tacaíocht ollmhór ag teastáil ó Octane. Tá sé búiséadaithe acu go mbeidh thart ar €20,000 ag teastáil chun a dtionscnamh a bhainistú, agus tá cabhair na tíre uathu chun an t-airgead a bhailiú. 

GO FUND ME OCTANE  

Má tá tú ag iarraidh cabhair a thabhairt do na daltaí seo lena n-aidhmeanna mórthaibhseach a bhaint amach, is féidir leat Octane Racing a fháil ar GoFundMe faoi Octane Racing. Más eagraíocht Éireannach nó Domhanda, agus tá suim agat ina dtionscnamh, is é a ríomhphoist ná  [email protected]. 

Más maith leat níos mó eolais faoin bhfoireann agus faoin tionscnamh, is é a suíomh gréasáin ná octaneracing.org agus is féidir iad a fháil faoin octane_racing_ ar Instagram, TikTok, agus Twitter, agus faoi Octane Racing ar Facebook. 

Áth mór le Octane Racing! 

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice