Scéim a d'fhéadfadh deireadh a chur le costas leabhar scoileanna

WARNING: Gardaí warn parents against common practice that could put their child in great dangerplaceholder image
WARNING: Gardaí warn parents against common practice that could put their child in great danger

"“Laghdóidh an beart buan úrnua seo cuid den ualach airgeadais atá ar theaghlaigh maidir le costais filleadh ar scoil" - an tAire Oideachais Norma Foley

D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley sonraí maidir le scéim nua ceannródaíoch a chuireann leabhair scoile in aisce ar fáil i mbunscoileanna agus i scoileanna speisialta. 

Rinneadh an fógairt níos luaithe inniu. 

Dúradh go mbainfidh níos mó ná 558,000 dalta atá cláraithe i thart ar 3,230 bunscoil,130 scoil speisialta san áireamh, leas as an infheistíocht mhéadaithe.

Cuirfidh an scéim leabhair saothair agus cóipleabhair fosta ar fáil saor in aisce. Dúradh go ndéanfaí seo laghdú ar an t-ualach airgeadais a mbíonn ar theaghlaigh nuair ata páistí ag filleadh na scoile.

Dúradh nach n-iarrfar ar thuismitheoirí ná ar chaomhnóirí aon leabhar scoile, leabhair saothair nó cóipleabhair a cheannach nó a fháil ar cíos ó Fhómhar 2023 faoin scéim. 

Dúirt an tAire Foley:“Tá an-áthas orm sonraí a fhógairt faoin bpacáiste maoinithe de os cionn €50 milliún a fuarthas i mbuiséad 2023 don scéim nua cinniúnach chun leabhair scoile in aisce a sholáthar i ngach bunscoil agus scoil speisialta.

“Laghdóidh an beart buan úrnua seo cuid den ualach airgeadais atá ar theaghlaigh maidir le costais filleadh ar scoil."

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice