Scéalta ó chroi na mban ar Cosán na mBan ar Raidió na Gaeltachta

Máire Dinny Wrenplaceholder image
Máire Dinny Wren

Beidh dánta i rith an chláir leis na filí Máire Dinny Wren agus Bríd Ní Mhórain

Is iomaí dris chosáin a bhíonn roimh mhná ina saol, agus i gCosán na mBan, clár le Treasa Bhreathnach ar Raidió na Gaeltachta, insíonn Geraldine Gannon as Tír an Fhia dúinn faoi gcaoi ar dhéileáil sí le bás a cúpla nuabheirthe.

Beidh Máirín Uí Chonghaile as Cor na Rón in Indreabhán ag insint do Threasa Bhreathnach faoi na blianta a chaith sí mar chúramóir dá máthair, agus cloisfidh muid ó Mháirín Ní Chonghaile as Béal a' Daingean faoi mar a thugann sí aire do pháistí dhaoine eile gach lá, ach nach bhfuil aon ghasúr aici féin. 

Beidh an Dochtúir Máire Ní Choscair, Comhairleoir Síciatrach na Seanaoise, le cloisteáil sa gclár seo chomh maith agus beidh dánta ann leis na filí Máire Dinny Wren agus Bríd Ní Mhórain.    

Is í Treasa Bhreathnach a chuirfidh an clár i láthair ar Dé Luain 10 Iúil ag 2.05in.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice