Scaoileadh beirt amhrastach tar éis urghabháil drugaí €700k


Beidh amhrastach eile os comhair cúirte
Tar éis urghabháil drugaí arbh fhiú €692,000 é ar an Domhnach, 5 Bealtaine, scaoil Gardaí fear agus bean a gabhadh mar chuid den imscrúdú gan chúiseamh.
Tá fear eile ina 30idí a gabhadh freisin mar chuid den imscrúdú seo cúisithe agus bhíothas ag súil go dtiocfaidh sé os comhair cúirte ar maidin inniu.
D’urghabh Gardaí ar luach thart ar €692,000 de dhrugaí rialaithe agus gabhadh triúr le linn oibríochta a dhírigh ar dhíol agus ar sholáthar drugaí i gceantar na Cúlóige, maidin Dé Domhnaigh, 5 Bealtaine 2024.
Rinne pearsanra ó Aonad Drugaí Cheantar na Cúlóige cuardach ar áitreabh cónaithe le cúnamh ón Aonad Madraí.
Le linn an chuardaigh seo fuarthas thart ar €400,000 de channabas amhrasta, €230,000 cóicín, €60,000 valium agus €2,000 MDMA. Aisghabhadh thart ar €57,000 in airgead tirim freisin.
Cuirfear gach druga a urghabhfar chuig Eolaíocht Fhóiréinseach Éireann le haghaidh tuilleadh anailíse.