Saineolas ar lusanna agus ar fheamainn i dtrí theanga na nGael

Wild plants, mushrooms, lichens, algae and seaweeds are commonly found to be higher in nutrients than cultivated varietiesplaceholder image
Wild plants, mushrooms, lichens, algae and seaweeds are commonly found to be higher in nutrients than cultivated varieties

'Is deis ar leith é seo do chainteoirí líofa chun na teangacha Gaeilge ar fad a chloisteáil ag aon ócáid amháin'

Beidh deis iontach ag Gaeilgeoirí a bhfuil spéis acu i lusanna agus i bhfeamainn níos mó eolais a fhoghlaim fúthú i gceardlanna trítheangacha, Gaeilg, Gaelg agus Gáidhlig, á bheas reachtáil, saor in aisce ar líne, tré Zúm ar Márta 1. 

Is iad Ruairidh MacIlleathain, craoltóir a bhfuil clú agus cáil air in Albain, Pól Mac Cana as an Ó Maigh agus Paayl Rogers as Oileán Mhanann a bheas ag caint. 

Tosóidh an zúm  ag 7 tráthnóna agus beidh an dara cheardlann seachtain ina dhiaidh sin – is é 868 4834 8667 uimhir aitheantais an chruinnithe agus é ‘cassan’ an paschód.

Tá na himeachtaí seo á n-eagrú ag Josephine Dunbar ó Chonradh na Gaeilge Boirche Íochtair in Áth na Long mar chuid de thionscadail a thugtar Cassan air. 

“Is deis ar leith é seo do chainteoirí líofa chun na teangacha Gaeilge ar fad a chloisteáil ag aon ócáid amháin,” a dúirt Josephine.

“Beidh Ruairidh, Pól agus Paayl ag caint i gcanúint s’acu féin agus tá súil againn nach mbeidh orthu Béarla a úsáid. Agus ar ndóigh, baineann ábhair na gceardlann le lusanna agus le feamainn, mar sin beidh go leor le foghlaim againn go léir ó na saineolaithe seo,” ar sí.

Is tionscadal malartú cultúrtha é Cassan a cuireadh tús leis sa bhliain 2020. Nuair a chuir Conradh na Gaeilge Boirche Íochtair tús leis bhí sé i gceist acu ceangail láidir a thógáil le Gaeil Mhanann, go háirithe idir Bunscoil na mBeann i gCill Chaoil agus an Bunsgoill Ghaelgach i Balley Keeil Eoin in Oileán Mhanann.

Is é Colmcille a chuir an maoiniú ar fáil do na ceardlanna.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice