Raidió na Gaeltachta ag caint le muintir na hardcathrach ar an Aoine


Dé hAoine, beidh An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag craoladh beo ó thábhairne An Piper’s Corner i mBaile Átha Cliath.
Beidh clár speisialta acu le muintir na hardchathrach agus muintir Chiarraí. Is cinnte go mbeidh neart le rá ag muintir na hardchathrach.
Tabhair cluas don chlár Dé hAoine, Iúil 28 ó 12.08 pm go 1 pm beo ó Piper’s Corner.