Raidió na Gaeltachta ag amharc siar ar Chomhaontú Aoine an Chéasta


Comhaontú Aoine an Chéasta 25 bliain ar an bhfód
Beidh Comhaontú Aoine an Chéasta 25 bliain ar an bhfód i dtús mhí Aibreáin. Bhí Máirín Ní Ghadhra i measc na n-iriseoirí a bhí i Stormont le linn na laethanta deiridh den idirbheartaíocht a bhain leis an comhaontú stairiúl úd.
As seo go ceann roinnt seachtainí, labhróidh Máirín le daoine eile a bhí i Stormont freisin nó leo seo a raibh ról lárnach acu sa bpróiséas. Ar Márta 11, is le hiriseoirí a bhí sa slua taobh amuigh de Castle Buildings a bheidh sí ag caint - Cathal MacCoille, a bhí ag obair le Nuacht TG4 ag an am, agus Déaglán de Bréadún, a bhí ag obair leis an Irish Times.