Rácháirt ar charranna leictreacha i mbliana

The number of new electric cars registered on Irish roads has nearly doubled over the past yearplaceholder image
The number of new electric cars registered on Irish roads has nearly doubled over the past year

Tá níos mó daoine ag ceannacht carranna leictreacha de réir figúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh

Léiríonn figiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh go bhfuil méadú 65% tagtha ar líon na ngluaisteán nua leictreach, a fuair ceadúnas, ó 8,309 sa chéad leath de 2022 go 13,701 sa chéad leath de 2023.

Léiríonn na figiúirí gur gluaisteáin pheitril 25,446 de na gluaisteáin nua sa chéad sé mhí de 2023 i gcomparáid le 17,465 san am céanna i 2022, sin méadú de 46%.

De réir na bhfigiúiri, tháinig laghdú 5% ar charranna nua díosail a fuair ceadúnas ó 8,667 go 8,258.

Léiríonn figiúirí an lae inniu gurbh é Tesla (833) an cineál is mó carr atáthar sa tóir orthu agus na carranna eile atáthar sa tóir orthu nó Volkswagen (788), Toyota (647), Hyundai (348) agus Skoda (345). 

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice