Rachaidh ciste €3.72m chun sochair do chur chun cinn na n-ealaíon sa Ghaeltacht

Portlaoise to have its first ever Pop Up Gaeltachtplaceholder image
Portlaoise to have its first ever Pop Up Gaeltacht

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. i gcomhar leis an Aire Stáit don Ghaeltacht Patrick O’Donovan T.D. go bhfuil ciste €3.72m geallta do Ghaeltachtaí na tíre.

Tá €1.24m in aghaidh na bliana, ar feadh tréimhse tri bliana, ceadaithe don eagraíocht Ghaeltachta, Ealaín na Gaeltachta.

Bainfear leas as an gciste seo chun clár oibre a fheidhmiú ar fud fad na Gaeltachta agus é mar aidhm aige deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil d’aos óg na Gaeltachta tríd na healaíona. 

Tá clár cumasaithe don óige dar teideal: Cuisle mar ábhar lárnach an chiste atá ceadaithe  - agus é mar sprioc aige na healaíona teanga-bhunaithe agus an drámaíocht a chur chun cinn sa Ghaeltacht. 

Is é an tríú deontas trí bliana atá ceadaithe ag an Roinn d’Ealaín na Gaeltachta mar thaca breise d’fheidhmiú leanúnach an phróisis pleanála teanga.

Bainfear leas as an gciste méadaithe go príomha chun freastal ar 5,000 dalta/páiste i 15 Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta tríd an gclár Cuisle, tacú le 2 phost lánaimseartha agus 2 phost páirtaimseartha a chruthú chun clár oibre méadaithe na heagraíochta a fheidhmiú, agus deis ioncaim a chruthú do suas le 14 ealaíontóirí – idir cheoltóirí, drámadóirí agus amhránaithe.

Rinneadh an ciste a fhógairt agus an tAire Martin sa Rinn le cuairt a thabhairt ar Choláiste na Rinne - áit ar chaith sí bliain ar scoil ann. In éindí le cuairt ar a alma mater chuaigh an tAire Martin ar chuairt chuig an gcomhlacht léiriúcháin teilifíse Nemeton atá lonnaithe sa cheantar. 

Dúirt an tAire Martin go bhfuil luach faoi leith ag baint leis na healaíona teanga-bhunaithe sa Ghaeltacht agus don Ghaeilge.

"Is cuid lárnach de chultúr sainiúil na Gaeltachta na healaíona teanga-bhunaithe – idir amhránaíocht ar an sean-nós, cheol, drámaíocht agus damhsa. Tríd an ciste méadaithe seo atá ceadaithe cuirfear ar chumas Ealaín na Gaeltachta an clár luachmhar oibre atá idir lámha acu a mhéadú tuilleadh ar son an chuid is luachmhara agus is sainiúla den chultúr Gaeltachta  - an Ghaeilge,” ar sé.

Dúirt stiúrthóir Ealaín na Gaeltachta, Paddy Glackin: "Cuirfidh seo go mór lenár gcumas mar eagraíocht deiseanna breise a sholáthar d'aos óg na Gaeltachta sna réimsí ceoil, damhsa, amhránaíochta, ealaíona béil agus anois sa drámaíocht. Beidh a rian le feiceáil ar chleachtas na n-ealaíon sin sa Ghaeltacht go ceann i bhfad." 

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice