Rabhadh tugtha ag saineolaithe mar gheall ar dhaoine óga atá ag vapáil

placeholder image

Deir siad go mbeidh impleachtaí fadtéarmacha ann de dhaoine óga

Tá rabhadh tugtha ag saineolaithe riospráide go bhfuil géarghá le reachtaíocht le cosc a chur ar ghaltoitíní indiúscartha, deir sé go bhféadfadh rioscaí sláinte fadtéarmacha a bheith ann do dhaoine óga a bhfuil a n-inchinn agus a gcorp go foill ag forbairt.

Dúirt an comhairleoir, Dr Des Cox, go bhfuil baol ann mar go bhfuil nicitín sna galtoitíní.

Ag labhairt do ar Morning Ireland, dúirt sé go bhfuil dainséar i nicitín d'intinn dhaoine óga. 

Dúirt sé go mbíonn scamhóga dhaoine óga ag forbairt go mbíonn siad 25 bliain d'aois.

Is mar gheall ar sin, a dúirt sé go bhfuil an eagla ann go bhfuil daoine óga ag déanamh damáiste dona gcorp. 

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice