Rabhadh i measc fionnachtana canabinoidí ardriosca i vapes a dhíoltar in Éirinn


Rinne Saotharlann Treochtaí Drugaí atá ag Teacht Chun Cinn an HSE anailís ar 76 vape agus sú vape ó shiopaí agus ón margadh aindleathach go dtí seo in 2026
Tá an HSE ag tabhairt rabhaidh go bhfuil cannabinoidí ardriosca aitheanta acu i vape, ‘sú’ vape agus táirgí eile amhail ‘bianna inite’ a dhíoltar i siopaí agus ar an margadh aindleathach in Éirinn.
Tá na substaintí seo nasctha le díobhálacha tromchúiseacha sláinte coirp agus mheabhrach, lena n-áirítear cailliúint an chonaic, meisce trom, tarraingt siar agus cásanna síceóis ar fud contaetha éagsúla.
Rinne Saotharlann Treochtaí Drugaí atá ag Teacht Chun Cinn an HSE anailís ar 76 vape agus sú vape ó shiopaí agus ón margadh aindleathach go dtí seo in 2026.
Léiríonn na torthaí
- Bhí HHC nó comhdhúile gaolmhara (cannabinoidí leathshintéiseacha) i 28 acu
- Bhí cannabinoidí sintéiseacha cumhachtacha i 8 acu
- Bhí 10 gcomhdhúil ina bhfuil aicéatáit ar féidir iad a nascadh le galar scamhóg
- Bhí 12 cannabas nó comhdhúile gaolmhara iontu
- Bhí CBD i 41 acu
Léiríonn torthaí na saotharlainne gur féidir táirgí a lipéadú go mícheart mar CBD nó cannabinoidí eile ach go bhfuil HHC nó cannabinoidí sintéiseacha iontu i ndáiríre.
Ag trácht ar na torthaí, dúirt an tOllamh Eamon Keenan, Ceannaire Cliniciúil HSE do Sheirbhísí Andúile: “Tá imní orainn go bhfuil canabinoidí ardriosca á ndíol trí shiopaí agus ar an margadh dubh ar fud na hÉireann. Tá imní ar leith orainn faoi na héifeachtaí ar dhaoine óga a cheannaíonn vape agus inite agus nach bhfuil ar an eolas go bhfuil siad nochtaithe do na substaintí díobhálacha seo.
“Go ginearálta, bíonn daoine óga thar a bheith leochaileach mar go bhfuil a n-inchinn fós ag forbairt. Méadaíonn úsáid substaintí le linn déagóireachta na rioscaí dá sláinte mheabhrach fhadtéarmach agus tá a fhios againn go bhfuil daoine óga ag fulaingt ó shíceóis tar éis dóibh na táirgí seo a úsáid.
“Tá ról ríthábhachtach ag tuismitheoirí agus caomhnóirí maidir le cosc a chur ar dhaoine óga trí fanacht i dteagmháil, ionchais a shocrú agus deiseanna a chruthú le haghaidh comhráite leanúnacha a chabhróidh le daoine óga cinntí eolasacha agus níos sláintiúla a dhéanamh.”
Dúirt Nicki Killeen, bainisteoir Treochtaí Drugaí atá ag Teacht Chun Cinn HSE: "Is rud nua iad canabinoidí leathshintéiseacha ar mhargadh an AE, agus níl mórán fianaise ar fáil maidir lena n-éifeachtaí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha ar an tsláinte. Ina theannta sin, tá canabinoidí sintéiseacha cumhachtacha, ar a dtugtar 'spíosra' go minic, aitheanta ag ár saotharlann i dtáirgí a dhíoltar sna siopaí seo agus i dtáirgí a dhíoltar mar THC ar an margadh aindleathach. Tá siad i bhfad níos cumhachtaí ná cannabas traidisiúnta, agus tá éagsúlacht mhór i dtáirgí ó thaobh ábhair de, rud a chruthaíonn riosca tromchúiseach. Is féidir lipéad Cannabidiol (CBD) a chur ar tháirge ach d'fhéadfadh Heicseahidreacannabinól (HHC) nó canabinoidí sintéiseacha nua a bheith ann, agus ní féidir leat a fhios cad atá á ghlacadh agat i ndáiríre.”
Leanann saotharlann Treochtaí atá ag Teacht Chun Cinn HSE de ról lárnach a imirt i dtástáil substaintí imní chun monatóireacht a dhéanamh ar an tírdhreach drugaí in Éirinn chun críocha sláinte poiblí agus laghdú díobhála.
Deir an HSE go bhfuil siad ag obair i gcomhar le pobail agus le geallsealbhóirí ón nGrúpa Náisiúnta Foláirimh agus Freagartha (NRPAG) lena n-áirítear An Garda Síochána chun monatóireacht a dhéanamh ar an gceist go náisiúnta chun críocha rabhaidh luath.
Riosca ó chanabinoidí sintéiseacha a laghdú
Is sábháilte i gcónaí gan drugaí a ghlacadh. Is féidir le canabinoidí sintéiseacha breathnú cosúil le CBD nó cannabas ach bíonn éifeachtaí níos díobhálaí acu
- Bí ar an eolas: D’fhéadfá vape cannabais, leachtach nó inite, a cheannach ó dhíoltóir agus d’fhéadfadh ábhar níos cumhachtaí agus níos contúirtí a bheith ann
- Ní féidir leat muinín a bheith agat as ábhar na gcanabinoidí a cheannaíonn tú i siopaí, d’fhéadfadh lipéad CBD a bheith orthu ach go mbeadh canabinoidí eile iontu, lena n-áirítear canabinoidí sintéiseacha
- Smaoinigh an bhfuil riosca breise ann duit má úsáideann tú é - amhail riochtaí sláinte nó conas a bhraitheann tú
- Bíonn tionchar ag canabinoidí ar an inchinn atá ag forbairt. Cuir moill ar úsáid canabinoidí chomh fada agus is féidir
- Bí le daoine a bhfuil muinín agat astu agus tabhair aire dá chéile - ná húsáid i d’aonar
- Seachain canabinoidí sintéiseacha a mheascadh le halcól nó le drugaí eile, lena n-áirítear le cógas frithdhúlagráin
- Bí ar an eolas faoi cad atá le déanamh i gcás éigeandála drugaí. Má bhraitheann tú féin nó cara tinn, glaoigh ar 999 nó 112 agus inis don pharaimhíochaineoir cad a tógadh agus tabhair an táirge dóibh
- Déan teagmháil le [email protected] má tá imní ort faoi tháirge canabinoidí