Rabhadh eisithe ag EirGrid mar gheall ar chumhacht gaoithe íseal

placeholder image

TÁ RABHADH curtha amach ag EirGrid maidir leis an leibhéal íseal de chumhacht gaoithe agus an tionchar a bheidh aige ar chóras leictreachais na tíre

D’eisigh oibritheoir na heangaí leictreachais náisiúnta an rabhadh ar maidin “mar gheall ar íseal gaoithe agus gréine agus bristeacha éigeantacha ag roinnt gineadóirí, rud a d’fhág go raibh acmhainn laghdaithe ann chun freastal ar an éileamh”, de réir postáil ar a gcuntas oifigiúil ar na meáin shóisialta.

Eisítear Rabhadh Chórais (ar a dtugtaí Rabhadh Ómra roimhe seo) nuair is féidir go mbeadh seans ann nach bhfreastalóidh an soláthar ar éileamh na n-úsáideoirí .Tá sé ráite ag EirGrid go bhfuil siad ag obair chun an fadhb a réiteach.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise féach ar EirGrid.ie/alerts.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice