Rabhadh d’úinéirí tí de bharr bagairt francaigh

Is iad francaigh an bhagairt is mó maidir le lotnaidí in Éirinn

Thaifead Rentokil, príomhsholáthraí rialaithe lotnaidí na hÉireann, méadú 29% ar thuairisciú na bhfrancach go náisiúnta i mí Eanáir na bliana seo i gcomparáid le glaonna amach in Eanáir 2023.

Tá rabhadh eisithe d’úinéirí tí agus do ghnólachtaí i gcoinne bhagairt forleathan na bhfrancach.

Go háirithe, bhí an méadú ba shuntasaí i gCorcaigh le linn na tréimhse seo, le méadú 50% ar ghlaonna a bhain le francaigh in Eanáir 2024 i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2023.

Mar an gcéanna, tháinig méadú 33% agus 32% faoi seach i réigiún an Iarthuaiscirt agus i mBaile Átha Cliath le linn na tréimhse céanna.

Is bagairt shuntasach iad francaigh do réadmhaoine cónaithe agus tráchtála araon, agus aithnítear go forleathan iad mar phríomhábhar imní na tíre maidir le lotnaidí.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice