Post nua rialtais oscailte anois d’iarratasóirí


CRUTHAÍODH post rialtais nua agus tá iarratais oscailte anois don phobail.
Is é teideal an phoist ná Comhairleoir Eolaíochta Rialtais agus beidh an t-iarrthóir rathúil ag leibhéal Rúnaí Cúnta, bunaithe sa Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta.
Is é cuspóir an róil nua seo cathaoirleacht a dhéanamh ar an bhFóram Náisiúnta um Chomhairle Eolaíochta, agus soláthróidh sé comhairle ar raon saincheisteanna atá os comhair an Rialtais amhail athrú aeráide, inbhuanaitheacht bia, intleacht shaorga agus go leor eile.
“Cabhróidh an post nua seo linn dul i ngleic le dúshláin chasta bheartais agus comhairle thábhachtach a sholáthar don Rialtas,” a dúirt an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta Simon Harris TD.
Tá suas le dáréag saineolaí ar an bhFóram Náisiúnta um Chomhairle Eolaíochta, bunaithe orthu sin a bhfuil saineolas eolaíoch aitheanta go hidirnáisiúnta acu i raon príomhdhisciplíní. Beidh clár oibre bliantúil aige a ndéanfar meastóireacht air tar éis tréimhse tosaigh trí bliana.