Polasaí Náisiúnta na nOileán agus Plean Gníomhaíochta seolta

Tory Islandplaceholder image
Tory Island

'Tá áthas orm 'Ár nOileáin Bheo' a sheoladh, ár bPolasaí Náisiúnta 10 mbliana do na hOileáin agus an chéad cheann le 27 bliain. Leagtar amach 80 beart in Ár nOileán Bheo a bhfuil sé mar aidhm acu tacú le pobail na n-oileáin agus na daoine a mhaireann orthu a chumasú'

Rinne an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys, TD, seoladh Ár nOileáin Bheo, polasaí náisiúnta uaillmhianach 10 mbliana chun tacú le pobail inbhuanaithe agus bheoga ar an hoileáin amach ón gcósta agus í i nDún na nGall.

Faoi Ár nOileáin Bheo, leagtar amach 80 beart faoin bplean gníomhaíochta 3 bliana le béim ar leith ar bhonneagar tithíochta agus uisce a feabhsú, rochtain níos fearr a fháil ar sheirbhísí riachtanacha sláinte agus oideachais, leathanbhanda ardluais a sheachadadh, agus tuilleadh forbartha a dhéanamh ar áiseanna caithimh aimsire lasmuigh agus turasóireacht inbhuanaithe.

I measc buachphointí an Phlean Gníomhaíochta beidh tacaíocht bhreise deontais a chur ar fáil faoin Deontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh Scéim (Croí Cónaithe) mar iarracht chun tithe folmha agus tréigthe ar na hoileáin a thabhairt ar ais mar chóiríocht chónaithe fhadtéarmach.

Faoin mbeart seo, cuirfear ardú 20% ar uasleibhéal an deontais mar aitheantas ar an gcostas breise a bhaineann le tógáil ar oileáin amach ón gcósta. Beidh oifigigh tí fholaimh a éarcú chun réadmhaoine atá folamh agus tréigthe ar oileáin a aithint. Tabharfar aitheantas do na dúshláin uathúla a bhaineann le hoileáin amach ón gcósta i nDréacht-Treoirlínte an Rialtais do Thithíocht Tuaithe atá le teacht. 

Déanfar moil ríomhshláinte a phíolótú ar na hoileáin chun rochtain ar choinní sláinte ar-líne a fheabhsú dóibh siúd atá ina gcónaí ar na hoileáin. Déanfar leathanbhanda ardluais a sheachadadh chuig scoileanna, moil dhigiteacha agus pointí nasctha leathanbhanda (BCP) chun ceangal maith idirlín a chinntiú le haghaidh cúrsaí oibre agus oideachais. Tabharfar tacaíocht go Ghníomhaíochta Caithimh Aimsire Lasmuigh ar nós rothaíocht agus snámh agus leathnófar an scéim siúlóidí chuig oileáin eile.

Beifear ag oibriú le páirtithe leasmhara agus gníomhaireachtaí Stáit chun deiseanna fostaíochta agus printíseachta a mhéadú ar na hoileáin. Beidh said infheistíocht i mbonneagar ar nós céanna agus bóithre, agus uasghrádú a chur i gcrích sna stáisiúin gharda cósta atá ag freastal ar na hoileáin.

Déanfar cinntiú go gcloistear glór phobail na n-oileán trí fhóram a bhunú agus tacaíocht a thabhairt do chomhphlé leanúnach idir pobail na n-oileáin, údaráis áitiúla agus páirtithe leasmhara ábhartha agus déanfar tacú le Pleananna Bainistíochta Dramhaíola a fhorbairt do na hoileáin. Is é Ár nOileáin Bheo an chead pholasaí uile-Rialtais do na hoileáin le 27 bliain anuas.

Forbraíodh an polasaí uaillmhianach seo trí phróiseas fairsing comhairliúcháin le pobail atá ina gcónaí ar na hoileáin amach ón gcósta agus páirtithe leasmhara eile, a thug seans dóibh a gcuid tuairimí a léiriú maidir leis na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le bheith ag maireachtáil ar oileáin.

Mar aon leis an bpolasaí seo, tá plean gníomhaíochta don tréimhse 2023-2026 ina bhfuil 80 gníomh nua faoi cheangal ama a aontaíodh agus a bheidh le cur i bhfeidhm ag geallsealbhóirí éagsúla, faoi cheannas ranna Rialtais nó Forais Stáit ainmnithe.

Rinne an tAire Humphreys seoladh ar Ár nOileáin Bheo le linn di a bheith ar Árainn Mhór amach ó chósta Dhún na nGall inniu.

Dúirt an tAire agus í ag labhairt ag an seoladh: “Tá áthas orm 'Ár nOileáin Bheo' a sheoladh, ár bPolasaí Náisiúnta 10 mbliana do na hOileáin agus an chéad cheann le 27 bliain. Leagtar amach 80 beart in Ár nOileán Bheo a bhfuil sé mar aidhm acu tacú le pobail na n-oileáin agus na daoine a mhaireann orthu a chumasú.

"Baineann sé ar fad le bonneagar tithíochta agus uisce a feabhsú, rochtain níos fearr a fháil ar sheirbhísí riachtanacha sláinte agus oideachais, leathanbhanda ardluais a sheachadadh, agus dá réir turasóireacht a mhéadú chun tacú le pobail inbhuanaithe ar na hoileáin. Baineann sé le bheith ag cinntiú go bhfuil bonneagar ceart ag an hoileáin ó thaobh uisce, bóithre agus céanna. Agus baineann sé le tacaíocht a thabhairt do phobail na n-oileáin chun áiseanna cianoibre a fhorbairt le cinntiú gur féidir le daoine fanacht ag maireachtáil agus obair ina bpobail féin."

Dúirt an tAire: "Mar thoradh ar chur i bhfeidhm an pholasaí seo, beidh níos mó daoine ina gcónaí ar na hoileáin agus níos mó daoine ag obair as na hoileáin, le deiseanna maithe gairme, beag beann ar an áit a bhfuil ceannáras a bhfostóirí. Feicfimid na hoileáin ag cur leis, agus baint tairbhe as, an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin agus sochaí aeráid-neodrach. Agus feicfimid pobail na n-oileán, agus daoine óga ach go háirithe, ag glacadh ról gníomhach maidir le todhchaí a n-oileán féin a chruthú."

Dar léi go mbeidh tionchar tairbhiúil agus bunathraitheach ar na hoileáin agus ar shaol na bpobal atá ag maireachtáil orthu ag éirí as cur i bhfeidhm na ngníomhacíochtaí atá leagtha amach in Ár nOileáin Bheo. Is í an aidhm atá ag an Rialtas go gcruthófaí pobail agus geilleagair inbhuanaithe agus seasmhacha ar na hoileáin trí infheistíocht, tacaíochtaí agus seirbhísí comhtháite.

“Molann an polasaí cur chuige forbartha tuaithe atá iomlánaíoch agus áitbhunaithe, a thugann misneach agus tacaíocht do phobail na n-oileáin pleananna comhtháiteacha a fhorbairt chun freastal ar riachtanais fhadtéarmacha a bpobal féin," ar sí. 

D’fhógair an tAire chomh maith inniu go bhfuil maoiniú caipitil €1.9m ceadaithe aici do 5 údarás áitiúil sa chéad bhabhta maoinithe de mhionoibreacha caipitil ar thograí bonneagair ar oileáin ar fud na tíre.

Lean an tAire ar aghaidh: “Tá muid tiomanta, faoi Ár nOileáin Bheo, cinntiú go bhfuil bonneagar ceart ar na hoileáin, ar níos céanna, bóithre agus páirceanna súgartha. Tá áthas orm mar sin maoiniú ar luach €1.9m a cheadú chun tacaíocht a thabhairt d’fheabhsúcháin ar bhonneagar riachtanach ar oileáin amach ó chontaetha Dhún na nGall, Shligigh, Mhaith Eo, na Gaillimhe agus Chorcaí.”

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice