Poist atá bainteach leis an Ghaeilge a thairiscint i nDún na nGhall

Táthar ag lorg daoine le hoibriú i bpoist atá báinteach leis an Ghaeilge

Táthar ag lorg oibrí óige ar oileán Thoraigh,  feidhmeannach cultúrtha agus turasóireachta in Amharclann Ghaoth Dobhair agus measann Coiste Pleanála Teanga an Tuaiscirt gur cheart cuntóir teanga a éarcú sa cheantar. 

Léiríonn na poist seo go bhfuil fás agus forbairt ag teacht ar an líon jabanna atá curtha ar fáil do Ghaeilgóirí. 

Beidh an job mar oibrí óige ar Thoraigh páirt-aimseartha. Tá 10 n-uair a chloig in aghaidh na seachtaine a dtairiscint leis an jab. Is féidir do Churam Beatha le cois d'iarratas chuig [email protected]

Tá an post mar Fheidhmeannach Cultúrtha agus Turasóireachta fógartha ag Coiste na hAmharclainne. Beidh an té a cheapfar lonnaithe in Amharclann Ghaoth Dobhair. Beidh sé de chúram ar an té a cheaptar clár oibre turasóireachta cultúrtha agus ealaíon a fhorbairt, a bhainistiú agus a riaradh i gcomhar le Coiste na hAmharclainne.

Glacfar le hiarratais do na poist thuasluaite go dtí an 19ú lá de mhí Eanáir. 

Is é coiste Céim Aniar atá freagrach as an phlean teanga do limistéar pleanála teanga thuaisceart Dhún na nGall a chur i bhfeidhm. Measann Coiste Pleanála Teanga an Tuaiscirt gur cheart cuntóir teanga a cheapadh sa cheantar de bharr go bhfuil sé go fairsing sin. 

Beidh an duine a cheapfar lonnaithe in Oifigí Céim Aniar.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice