Plúr na gceoltóirí traidisiúnta agus tíre ar Geantraí Lá Fhéile Pádraig
Cóisir cheoil den scoth a bheidh ar Gheantraí Lá Fhéile Pádraig.
Craolfar Geantraí Lá Fhéile Pádraig ar TG4 ar Lá Fhéile Pádraig ag 9.30pm agus feicfear plúr na gceoltóirí traidisiúnta agus tíre ar an gclár d’oíche mhór cheoil agus chultúir. I ndiaidh don tsraith teacht chun deiridh deich mbliana ó shin craolfar an clár mar cheiliúradh ar cheol agus oidhreacht na hÉireann agus beidh réaltaí móra an cheoil le cloisteáil ar an gclár – ina measc beidh Andy Irvine, Mick O’Brien agus Caoimhín Ó Raghallaigh, Cherish the Ladies agus beidh taispeántas speisialta le Téada.
Beidh Geantraí Lá Fhéile Pádraig ag teacht as tigh ceolmhar Whelan’s i gceartlár Bhaile Átha Cliath agus beidh an ceoltóir Ciarán Ó Gealbháin agus an t-amhránaí Pauline Scanlon ina láithreoirí ar an gclár. Beidh an bheirt ag ag cuimhneamh ar a gcara ceoil a cailleadh le gairid, Séamus Begley.