Peil Choláiste ag teacht ar ais go Baile Átha Cliath le Navy ag imirt in éadan Notre Dame

PICTIÚR: Sportsfileplaceholder image
PICTIÚR: Sportsfile

CHUIR an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Micheál Martin TD; an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin TD; agus an tAire Stáit le Freagracht as Spórt agus Corpoideachas, Thomas Byrne TD, fáilte roimh fhilleadh Pheil Choláiste na Stáit Aontaithe go hÉireann agus an Staid Aviva i mBaile Átha Cliath ag óstáil chluiche oscailte an tséasúir, atá díolta amach, idir Navy agus Notre Dame ar an tSatharn.

Táthar ag súil go mbeidh níos mó ná 40,000 cuairteoir ag teacht ó thar lear chun freastal ar an chluiche.

Is comhar poiblí-príobháideach rathúil agus réamhghníomhach é an sraith chúig chluiche Chlasaiceach Pheile Coláiste Aer Lingus. Tá fáilte roimh an borradh tráthúil a chuireann an tsraith seo faoi thionscail fháilteachais agus turasóireachta na hÉireann, agus taispeánann na cluichí seo gur óstach fáiltiúil cumasach í Éire ar imeachtaí den chineál seo.

I rith imeacht na bliana seo tiocfaidh foirne ó Ollscoil Notre Dame agus Acadamh Cabhlaigh na Stáit Aontaithe ("Navy") agus iad ag dul in iomaíocht le chéile arís ag Staid Aviva Bhaile Átha Cliath. Cuireann an cluiche deis iontach eile ar fáil chun Baile Átha Cliath agus Éire, agus na háiteanna tarraingteacha atá ar fáil in Éirinn go ginearálta mar áit saoire, a thaispeáint.

 

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice