Páistí tugtha go dtí na hotharlainne i ndiaidh eachtra amhrasach
Tharlaigh an eachtra i mBaile Átha Cliath
Tugadh ar a laghad triúr pháiste chuig an ospidéal i ndiaidh eachtra amhrasach i lár chathair Bhaile Átha Cliath tráthnóna inniu.
Tá gardaí agus na seirbhísí éigeandála ar an láthair áit a dtuigtear go bhfuil seans ann go ndearnadh ionsaí ar roinnt pháistí ar Chearnóg Parnell Thoir.
Tuigtear go bhfuil cóir leighis á chur ar fhear ag an láthair agus go bhfuil triúr leanaí tugtha go dtí an t-ospidéal le hamhras faoina créachta.
Tharla an eachtra díreach roimh 2pm agus tá gardaí ag leanstan lena bhfiosrúchan. Tá Gaelscoil sa cheantar.