Paddy na Meachain- scéal Paddy Ó Fiannachta, beachadóir as Conamara


Scéal iontach faoi fear atá dámh aige le na beacha
Beachadóir as Conamara é Paddy Ó Fiannachta a bhfuil dámh faoi leith aige lena cheantar dúchais féin agus a bhfuil a chroí agus a anam sa dícheall mhór atá á déanamh aige beach dhúchasach na hÉireann a chosaint.
Sa gclár nua faisnéise seo, leantar scéal Paddy Ó Fiannachta, beachadóir as Conamara a bhfuil luí faoi leith aige lena cheantar dúchais. Tá Paddy ag coinneáil beach le breis is 30 bliain agus is í an bheach dhúchasach Éireannach atá aige nó an Apis mellifera mellifera.
Le blianta beaga anuas, tá an bheach dhúchasach seo faoi ionsaí mar nach bhfuil aon chosc ar bheacha neamh-dhúchasach a thabhairt isteach sa tír. Nuair a shíolraíonn na beacha neamh-dhúchasacha leis an gceann dúchasach, déantar truailliú ar an mbeach dhúchasach. Tá an bheach dhúchasach Apis mellifera mellifera i mbaol anois ar fud na hEorpa agus is í Éire an tearmann is tábhachtaí dá bhfuil ann don bheach seo.
Cúpla bliain ó shin, rinne beach ionrach slad ar choirceoga Paddy, rud a d’fhág in ísle brí é. Dá bharr sin agus an slad atá ag tarlú ar fud na tíre, shocraigh Paddy agus a chara John O’Halloran, tearmann a chruthú don bheach dhúchasach ar Inis Bó Finne ar fhaitíos go gclisfeadh an stoc dúchasach ar mhórthír na hÉireann.
Le linn an chláir, tugtar léargas ar thréan-iarrachtaí Paddy a chuid beach a chosaint agus ar na bagairtí atá ann don bheach dhúchasach. Taispeánfar freisin chomh tábhachtach is atá sé do Paddy eolas a scaipeadh agus oideachas a chur ar shean agus ar óg faoi chás na mbeach agus gnáthóga nádúrtha na beiche a chosaint. Lena thuiscint spioradálta ar chumhacht an nádúir, éiríonn le Paddy daoine eile a spreagadh beacha a choinneáil agus cuidiú leis an bheach dhúchasach seo a chaomhnú agus a chosaint.
Ábhar spreagtha é dílseacht Paddy dá thimpeallacht, dílseacht don dúlra agus don nádúr atá aige ón gcliabhán. Is teist é scéal Paddy ar theacht aniar an duine, ar an nasc leochaileach atá idir an duine agus an dúlra, agus an chumhacht atá ag gníomh aonair an duine tionchar dearfach a imirt.
Craolfar an clár ag 9.20pm ar an 30 Nollaig ar TG4.
Tá Paddy Ó Fiannachta, stiúrthóir an chláir Seán Ó Cualáin agus léiritheoirí an chláir James Clenaghan agus John O’Halloran ar fáil i gcomhair agallamh. Léirithe ag Aniar do TG4.