Osclaíonn Luimneach Eispéireas Idirnáisiúnta Rugbaí i gcroílár na cathrach

I mBAILE Rugbaí na Mumhan, tá Luimneach díreach tar éis oscailt a dhéanamh ar ionad nua rugbaí do thurasóirí agus do dhaoine a bhfuil spéis acu sa spórt.
Tá an Eispéireas Idirnáisiúnta Rugbaí ar luach €30 milliún lonnaithe i bhfoirgneamh sé stór ar airde ar Shráid Uí Chonaill i Luimneach.
Ag oscailt na hócáide inniu, bhí buaiteoirí éagsúla Chorn an Domhain, réalta Rugbaí na Breataine agus na hÉireann. Bhí Francois Pienaar, Jonathan Sexton, Joy Neville, Danielle Waterman, Keith Wood, Paul O'Connell, Jeremy Guscott, Matt Dawson, Sean Fitzpatrick, Martin Johnson, Peter Stringer, Ciara Griffin agus Rory Best i measc na gcuairteoirí sa "Bhaile na Laochra".
Ba smaoineamh é ag an daonchara as Luimneach JP McManus agus tá sé maoinithe trí Chiste Carthanachta JP McManus.
Meastar i staidéar ar an tionchar eacnamaíoch go dtabharfaidh sé €50 milliún in ioncam turasóireachta go Luimneach agus go réigiún an Mheán-Iarthair laistigh de chúig bliana.
Rinne Méara Chathair agus Chontae Luimnigh, an Comhairleoir Francis Foley comhghairdeas le JP McManus, ag rá, "is díol spéise nua spreagúil é an Eispéireas Rugbaí Idirnáisiúnta dár gcathair, rud a thugann cúis eile do chuairteoirí le teacht agus iniúchadh a dhéanamh ar gach rud atá le tairiscint ag Luimneach."
Ó amárach is féidir leis an bpobal cuairt a thabhairt ar an Eispéireas, le ticéid ar phraghas €10 do pháistí (faoi 18) agus €15 do dhaoine fásta.
Tá ticéidí ar fáil ar líne ag www.internationalrugbyexperience.com.