Osclaíonn Glastonbury a gheataí le haghaidh féile 2023


Tá na mílte duine ag tarraingt ar Glastonbury inniu. Tá clú domhanda ar Glastonbury agus i mbliana táthar ag oscailt na geataí don 51ú bliain.
D’fhéadfadh cur isteach ar thaisteal do lucht na féile agus iad ag déanamh a mbealach go Pilton i Somerset de dheasca aimsir fhliuch. Beidh an ceol ag toiseacht ar an Aoine.
I mbliana, beidh réaltaí ceoil den chéad scoth ag seinm ar fud na féile ar 900 acra. Beidh an féile ar siúl go dtí an Domhnach.
Beidh neart ceoil ann chomh maith le hóráidí ó pholaiteoirí, léirithe scannán agus sorcais agus go leor eile.
Beidh Arctic Monkeys ar barr an bhille oíche hAoine.