Óráid Lillis Ó Laoire ar shaol agus amhráin Sheosaimh Uí Éanaí


I gclár speisialta de chuid Iris Aniar, cloisfear caint a thug Lillis Ó Laoire an samhradh seo do Chumann Oidhreachta Eanach Dhúin.
San óráid, Cleasa an Chrosáin: Amhráin agus Seanchas Sheosaimh Uí Éanaí, tugann Lillis cuntas ar an dóigh ar éirigh le Ó hÉanaí ómós a bhaint amach i Meiriceá.
Thug Uí Éanaí oidhreacht amhránaíochta agus seanchais in oiriúint don lucht éisteachta thall i Meiriceá agus ar an oidhreacht amhránaíochta a chuir ar bhóthar na n-ealaíon é an chéad lá riamh.