Oiliúint phraiticiúil do mhic léinn seolta ag Comhaltas na Mac Léinn


I measc na gcúrsaí a bheidh á dtairiscint ag Comhaltas na Mac Léinn an seimeastar seo tá teanga chomharthaíochta, oiliúint acs agus cúrsaí feasachta meabhairshláinte gaeilge
Sheol Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe cúrsaí i Scileanna Saoil don bhliain acadúil 2024/25.
Tá réimse leathan cúrsaí fóirdheonaithe á reáchtáil ag Comhaltas na Mac Léinn ón mbliain 2009 i leith don 19,000 mac léinn in Ollscoil na Gaillimhe d’fhonn a gcuid eolais phraiticiúil a mhéadú.
Cuidíonn na cúrsaí seo le mic léinn a n-ionchais fostaíochta a fheabhsú le linn an choláiste agus ina dhiaidh trí bhíthin a CV a threisiú.
Múintear scileanna saoil tábhachtacha dóibh ar na cúrsaí freisin, lena n-áirítear cén chaoi beatha a shábháil.
I measc na gcúrsaí a bheidh á dtairiscint ag Comhaltas na Mac Léinn an seimeastar seo tá teanga chomharthaíochta; oiliúint acs; cúrsaí feasachta meabhairshláinte gaeilge; féinchosaint; oiliúint um nochtadh ó ionad éigeandála um éigniú na gaillimhe; oiliúint san athléimneacht airgeadais; oiliúint um fheasacht i leith féinmharú, agus feadóg stáin agus bodhrán
Dúirt Faye Ní Dhomhnaill, Uachtarán Chomhaltas na Mac Léinn: “Tá an-áthas orainn sonraí ár gcúrsaí Scileanna Saoil a fhógairt don bhliain amach romhainn.
"Cibé an mbaineann sé leis an Teanga Chomharthaíochta a fhoghlaim nó leis na scileanna a ghnóthú chun ACS a thabhairt, déanann na cúrsaí seo go léir a gcion féin le hoideachas leathan a thabhairt dár gcuid mac léinn.
"Chomh maith leis sin, cabhraíonn siad leo CV a bheith acu a sheasfaidh amach sa slua agus post á lorg acu.”
Eagraíocht dhaonlathach é Comhaltas na Mac Léinn, Ollscoil na Gaillimhe arb é a mhisean ná ionadaíocht a dhéanamh dá chuid ball, agus cearta na mball sin a chur chun cinn, a chosaint agus a chur i bhfeidhm ar gach leibhéal den tsochaí.”
Tá sonraí faoi na cúrsaí ar fad ar fáil ANSEO.