Oifigeach Pleanála Teanga ar oileán Thoraigh
Beidh an té a cheapfar fostaithe ag Comharchumann Thoraí Teo agus freagrach don cheanneagraíocht maidir le clár oibre aontaithe a fheidhmiú
Táthar á lorg Oifigeach Pleanála Teanga ar oileán Thoraigh. Beidh ar an té a cheapfar suim a bheith acu i bhforbairt agus caomhnú na Gaeilge ar oileán láidir Gaeltachta. Tá an post mar Oifigeach Pleanála Teanga á thairiscint ag Comharchumann Thoraí Teo.
Is é Comharchumann Thoraí Teo i gcomhar le Pleanáil Teanga Oileán Thoraí atá freagrach as an phlean teanga do LPT Thoraí a chur i bhfeidhm. Ullmhaíodh an plean mar chuid den phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht agus i gcomhréir le forálacha Acht na Gaeltachta, 2012. Is plean seacht mbliana atá i gceist a bhfuil d’aidhm aige cur leis an líon cainteoirí laethúla Gaeilge san LPT. Is ar an Oifigeach Pleanála Teanga a bheidh an phríomhfhreagracht an plean a chur i bhfeidhm.
Is post ar chonradh trí bliana atá á thairiscint agus d’fhéadfadh go gcuirfí leis an tréimhse sin. Beidh an té a cheapfar freagrach as cur i bhfeidhm bearta an phlean teanga. Beidh an té a cheapfar fostaithe ag Comharchumann Thoraí Teo agus freagrach don cheanneagraíocht maidir le clár oibre aontaithe a fheidhmiú. Duine cumasach a bhfuil taithí agus cáilíochtaí aige/aici i réimse oibre na pleanála teanga nó in ábhar gaolmhar atá á lorg.
Beidh an duine a cheapfar lonnaithe in oifigí Comharchuann Thoraí Teo. Beidh 37 uair oibre sa tseachtain i gceist le cúraimí an phoist seo agus beidh freastal ar chruinnithe taobh amuigh de ghnáth uaireanta oibre mar chuid de na cúraimí sin. Beidh taisteal i gceist leis an phost, mar sin ní mór d’iarratasóirí ceadúnas tiomána oiriúnach a bheith acu.
Tá scála tuarastail ó €35,000 go €50,000 ag gabháil leis an phost chomh maith le scéim phinsin.
Cuideoidh Comharchumann Thoraí le lóistín ar chostas íseal a shocrú don OPT.
Tá an plean teanga don LPT le fáil ar na suímh idirlín: www.oileanthorai.com
Seoltar iarratas mar aon le Curriculum Vitae, roimh 5 a chlog Dé Luain 19 Meitheamh 2023 chuig: Marjorie Uí Chearbhaill, An Bainisteoir, Comharchumann Thoraí Teo, Oileán Thoraí, Na Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall. Teil: 074 91 35502, 087-2280310 Ríomhphost: [email protected]