Oidhreacht Chultúrtha agus Aeráid mar fhócas ag ciste taighde nua €500,000
FÓGRAÍODH rannpháirtíocht na hÉireann i nglaoch taighde idirnáisiúnta ar Oidhreacht Chultúrtha agus Aeráid le tacaíocht mhaoinithe ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil.
Tá oidhreacht chultúrtha i mbaol athrú aeráide ach is féidir léi ról gníomhach a bheith aici freisin san aistriú i dtreo todhchaí níos inbhuanaithe agus níos athléimní.
Tá sé mar aidhm ag an nglao maoinithe taighde taighdeoirí a shlógadh ar fud na hEorpa agus níos leithne chun dul i mbun tionscadail chomhoibríocha taighde a thabharfaidh aghaidh ar thrí théama chomhlántacha: Tionchar Athrú Aeráide ar Oidhreacht Chultúrtha; Oidhreacht Chultúrtha mar Acmhainn do Mhaolú agus Oiriúnú Aeráide; Réitigh Inbhuanaithe don Oidhreacht Chultúrtha.
Cuirfear €500,000 san iomlán ar fáil don phobal taighde in Éirinn chun páirt a ghlacadh i dtionscadail rathúla, agus cuirfidh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus an EPA €250,000 ar fáil an ceann.
Agus an maoiniú á fhógairt aige, dúirt an tAire Stáit um Oidhreacht agus Athchóiriú Toghcháin, Malcolm Noonan TD:
“Feicimid go bhfuil an tacaíocht seo ag teacht le dul chun cinn sármhaith atá déanta againn maidir lenár bPlean Oiriúnaithe Earnála um Athrú Aeráide don Oidhreacht Thógtha agus Seandálaíochta a chur i bhfeidhm, ceann de na chéad phleananna dá leithéid a forbraíodh áit ar bith ar domhan.
"Níl aon duine ag seasamh leis féin maidir le dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh ár n-oidhreacht, tá comhiarrachtaí riachtanach, agus táimid bródúil as a bheith in ann na comhpháirtíochtaí riachtanacha a thógáil tríd an tacaíocht seo.”
Dúirt an Dr. Eimear Cotter, Stiúrthóir Fianaise agus Measúnaithe an EPA:
“Aithnítear níos mó oidhreacht chultúrtha mar chuid riachtanach den idirphlé ar athrú aeráide. Tá lúcháir ar an EPA, in éineacht le DHLGH, tacú le rannpháirtíocht phobal taighde na hÉireann sa deis seo, a mhaoineoidh tionscadail chun comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a thógáil agus chun eolas a chruthú a bhaineann le dul i ngleic le hathrú aeráide.”