Oíche na gaoithe móire ar fud fad na tíre ag stoirm Isha

Very strong and gusty southerly winds will develop countrywide, with strong gales and high waves along coastsplaceholder image
Very strong and gusty southerly winds will develop countrywide, with strong gales and high waves along coasts

Tá rabhadh stoirme dearg eisithe do Dún na nGall, Gaillimh agus Maigh Eo

Tá rabhadh stoirme dearg eisithe ag Met Éireann do Dhún na nGall, Gaillimh agus Maigh Eo.

Iarrtar ar dhaoine gan taisteal anocht muna bhfuil fíor ghá leis. Tá Met Éireann ag tuar go mbeidh an fharraige fían agus contúirteach cois cósta. Táthar ag tuar chomh maith go bhfuil seans ann go n-imeoidh cumhat sna háiteanna is smeasa buailte. 

Dhruid gnólachtaí luath i gcaitheamh an lae agus cuireadh imeachtaí na hoíche ar ceall i gcuid mhór mhaith ionaid. 

Dúirt Met Éireann ar maidin go mairfeadh an rabhadh dearg do Maigh Eo agus Gaillimh ó 5pm go dtí 9pm tráthnóna inniu agus do Dhún na nGall ón 9 a chlog Dé Domhnaigh go dtí an Luan ar a 9 ar maidin. 

Tá rabhadh oráiste i bhfeidhm i gCúige Laighean, i gCúige Mumhan, i gcontaetha an Chabháin, Muineacháin, Sligeach agus Ros Comáin. 

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice