Oíche mhór sa Chultúrlann le Seanchoíche trí Ghaeilge


Beidh oíche ar dóigh ann agus beidh Seanchoíche trí Ghaeilge a reáchtáil i gcomhoibriú le Yoga le Naoise Ní Bhroinn
Don chéad uair ariamh beidh Seanchoíche sa Chultúrlann, le Seanchoíche trí Ghaeilge a reáchtáil i gcomhoibriú le Yoga le Naoise Ní Bhroinn.
Beidh an ócáid ar siul mBéal Féirste ar an 23ú lá de Mhí na Samhna, má tá cúpla focail agat, agus tú ag iarraidh scéal a insint, cuir d’iarratas isteach trí ár suíomh idirlíne. Is féidir an nasc a aimsiú anseo.
Is ceiliúradh ar an fhocal labhartha é Seanchoíche agus thug Ciarán Gaffney, bunaitheoir Sheanchoíche é fud fad an domhain - Amstardam, BÁC, Sydney agus níos faide anonn.
Tá filíocht agus litríocht ag croílár na Cultúrlainne, bíonn an t-aon Slam Filíochta Gaeilge sa tír achan bhliain mar chuid de Liú Lúnasa.
Seo a chéad uair a bheas an ócáid a reachtáil i mBéal Feirste agus gan cheangail a bheith aige le féile cosúil le Body & Soul nó All Together Now. Is imeacht neamhspleách é an t-am seo agus beidh craoladh beo ar an raidió síos tríd.
Cuirimid fáilte mhór roimh chách freastail sa lucht féachana agus roimh filí píosa a rá agus a gceird a roinnt linn.
Má atá speis ag filí ar bith labhairt nó duine a bheith sa lucht féachana, caithfidh siad a chlárú don oíche. Tá dhá nasc thíos agus le fáil ar an tsuíomh idirlín.