Oibreacha uasghrádaithe a dhéanamh amach anseo ar pháirc shúgartha Thoraí
Beidh dromchla úr a leagaint ag na hoibrithe
Táthar ag súil go mbeidh oibreacha uasghrádaithe a dhéanamh gan ró-fhada ar pháirc shúgartha oileán Thoraí.
Tuigtear go mbeidh an comhlacht Larsplay Teoranta ag gabhail i mbun na hoibre ag deireadh na míosa.
Bhí obair de dhith ar an pháirc shúgartha le tamall anuas. Ní bheidh an pháirc shúgartha in úsáid ar feadh tréimhse fhad agus atá an obair ar siúl.
Beidh dromchla úr le leagaint mar chuid den togra seo.