Ócáid a reachtáil i ndilchuimhne Rory Greene le tacú leis an Kevin Bell Repatriation Trust


Beidh go leor le sult a bhaint as ar thrá Mhachaire Rabhartaigh
Tá lá teaghlaigh ar an trá in ómós do Rory Greene ar siúl ar Meitheamh 24 idir 1-4 ar thrá Mhachaire Rabhartaigh. Beidh siúlóid go dtí an phointe. Táthar ag eagrú na hócáide le tacú leis an Kevin Bell Repatriation Trust.
Beidh cluichí ar an Trá le Marie Muldowney, Bouncy Castles le Donegal Bouncy Castles, Scoil Sorcas le Nora Kavanagh agus ceol le Dj Dave.
Dar le na heagarthóirí go bhfuil buíochas tuillte go mór, mhór acu uilig. Beidh bia ar fáil agus beidh duaiseanna iontacha againn don tarraingt ar an lae. Tuilleadh eolais amach anseo.